Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Crainn Nollag Cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí seacht láithreán diúscartha ar fáil a chuireann ar chumas an phobail fáil reidh lena gcrainn Nollag gach Eanáir. Déantar smionagar de na crainn ar an láthair sula dtutgtar ar shiúl iad le haghaidh athchúrsála. In 2023, rinne Ace Tree Specialists Ltd an tseirbhís tar éis comórtas tairisceana i mí na Samhna. Mar thoradh ar iompar nach beag frithshóisialta, dóiteáin ina measc, ag suíomh amháin le blianta beaga anuas, rinneamar teagmháil leis an nGarda Síochána agus bhí CCTV agus bacainní againn chun an riosca a mhaolú i mbliana. Ní raibh aon tuairiscí ar iompar frithshóisialta le linn na seirbhíse mar thoradh ar na gníomhartha seo. Chonaiceamar méadú ar úsáid na seirbhíse bliain ar bhliain agus fuarthas réidh le 74 tona in 2019 agus le 101 tona in 2023. Léiríonn sé sin go n-éiríonn le gníomhaíochtaí coisctheacha a dhíríonn ar fhorfheidhmithe dramhaíola chun dumpáil neamhdhleathach a laghdú. Saordhiúscairt Tochtanna Leapa

Cuireann Comhairle Cathrach Chorcaí deis ar fáil do dhaoine a dtochtanna leapan nach dteastaíonn uathu a dhiúscairt saor in aisce gach bliain i bPáirc Ghleann na Trá Móire. Oibrímid le comhlacht áitiúil Bedwise Ltd, a dhéanann, faoi chead, tochtanna a athchúrsála lena n-athúsáid, seachas a dhiúscairt, de réir aistriú na hÉireann chuig geilleagar ciorclach. In 2022, bhí an tseirbhís ar fáil an 3 agus an 4 Lúnasa. Tugadh 360 tocht ar láimh san iomlán thar an dá lá. Ach an imeacht seo a chur ar siúl, cuireann sé in iúl don phobal gur féidir leo a dtochtanna a dhiúscairt saor in aisce ag saoráid sa chathair agus go bhfuil Comhairle Cathrach Chorcaí ag spreagadh na haisghabhála agus na hathúsáide.

seachas ábhar luachmhar a chur amú. Gan an tionscnamh seo ni foláir nó go ndéanfaí na tochtanna sin a dhiúscairt i saoráid dramhaíola, rud nach mbeadh fáilte roimhe mar d'fhéadfadh go nglacfadg sé na blianta fada ar an ábhar seo dianscaoileadh. Bheadh baol ann chomh maith go ndéanfaí céatadán díobh a dhiúscairt go neamhdhleathach, rud a chuirfeadh isteach ar an radharcra agus a d'fhágfadh go mbeadh ar bhaill foirne ón Rannóg Glantacháin fáil réidh leo. D'fhéadfaí an deis seo a fhorbairt sna blianta amach anseo chun earraí eile a thabhairt san áireamh, cuir i gcas tolg, cathaoireacha uilleach, agus táblaí a d'fhéadfaí a athúsáid. Achoimre ar roinnt tionscadal Frithdhumpála in 2022 Bhóthar na Laoi Tá an suíomh suite feadh Bhóthar na Laoi i gCathair Chorcaí. Bhí an dramhaíl taobh thiar de bhallaí abhainn na Laoi feadh bhruach na habhann. Shonraigh an Rannóg um Fhorfheidhmiú Dramhaíola an áit seo a bheith ina hábhar imní ach ar chuir baill an phobail in iúl dúinn é. ar éis roinnt gearán a fháil ón bpobal agus go ndearna baill na Rannóige um Fhorfheidhmiú Dramhaíla de chuid Comhairle Cathrach Chorcaí cigireachtaí leantacha, sonraíodh gur dúspota faoi leith a bhí ann maidir le dramhaíl a dhumpáil go mídhleathach. Ghlanamar an áit agus rinneamar monatóireacht ar an gceantar le CCTV ar feadh tréimhse ceithre seachtaine chun iarracht a dhéanamh a fháil amach cé atá ag dumpáil na dramhaíola anseo.

|

Powered by