[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Teach Inse Gaigín Tá fadhbanna ag roinnt ceantar sa chathair maidir le dumpáil mhídhleathach, agus sonraíodh an ceantar seo ina hábhar imní go háirithe toisc gur chuir baill an phobail in iúl dúinn é ach a ndearnach gearán agus gur chuir baill foirne sa Rannóg um Bainistiú Bruscair agus Dramhaíola i gComhairle Cathrach Chorcaí scéala chugainn faoi. Bailíodh an dramhaíl. Is cúnamh mór é maidir le deireadh a chur le dramhaíl eile a dhumpáil san áit an dramháil atá ann a ghlanadh agus an áit a iamh.
Míolach, Machain Sampla de thionscadal a rinne Comhairle Cathrach Chorcaí le linn 2022 ba ea limistéar i ndeisceart na Cathrach, ar le Comhairle Cathrach Chorcaí é agus atá suite ar chúl Scéim Tithíochta Ghrúpa na Míolaí i Machain. Bhí fadhbanna suntasacha ag an suíomh seo maidir le dumpáil mhídhleathach a cuireadh ar ár súile dúinn de bhun gearáin ó bhaill an phobail agus ó bhaill foirne sa Rannóg um Bainistiú Bruscair agus Dramhaíola i gComhairle Cathrach Chorcaí. Mar thoradh air sin, sonraíodh an ceantar ina hábhar imní a gcaithfí dul i ngleic leis in 2022 faoi Mhaoiniú do Thionscnaimh Frithdhumpála. Bhain an tionscadal le CCTV a chur isteach (conraitheoir seachtrach a rinne) sa cheantar chun gníomhaíochtaí eile dramhaíola neamhdhleathaí a thabhairt faoi deara agus baineadh an dramhaíl ón áit d'fhonn fianaise a fháil (dá mba fhéidir) faoin té a bhí ag dumpáil na dramhaíola. Thug conraitheoir dramhaíola an dramhaíl ar shiúl tar éis comhordú idir an Rannóg um Fhorfheidhmiú Dramhaíola, an Rannóg Bruscair, an Rannóg um Bainistiú Dramhaíola & Glanadh Sráide, an Rannóg Tithíochta agus an tAonad um Chóiríochta don Lucht Siúil i gComhairle Cathrach Chorcaí
| 12
Powered by FlippingBook