[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Lá bailithe Dramhaíola Contúirtí Tugadh deis do shealbhóirí tí a gcuid Dramhaíola Contúirtí a dhiúscairt saor in aisce ach í a thabhairt chuig an Lár-Shaoráid Bainistithe Dramhaíola, áit ar bhain Conraitheoir Diúscartha Dramhaíola Contúirtí den láthair í chuig láithreán diúscartha údaraithe. Thug baill an phobail dramhaíl Chontúirteach Tí (péinteanna, lotnaidicídí, cógais, ola srl.) go Páirc Ghleann na Trá Móire chun í a dhiúscairt saor in aisce (ina measc cannaí péinte, tuaslagóirí orgánacha, glantach, luibhicídí/lotnaidicídí, cógais, ola glasraí, aerasóil).
Páirc Ghleann na Trá Móire In 2021, suiteáladh córas fótavoltach gréine 56kWp ar an díon ar na foirgnimh riaracháin agus saotharlainne. Bhí lánúsáid á baint as in 2022. Is ionann an ghrianchumhacht a ghintear agus coigilt oiread agus 12% ar chumhacht a úsáideann an tsaoráid gach bliain.
Caighdeán an Aeir Crios Aeir Úir
I mí Aibreáin 2022, sheol Comhairle Cathrach Chorcaí an chéad Chrios Aeir Úir in Éirinn. Agus é dírithe ar cheantar tosaíochta coisithe ar Shráid Phluincéid agus ar shráideanna friothálacha in aice láimhe, is ceantar é an Crios Aeir Úir ina ndéantar gníomhaíocht spriocdhírithe chun caighdeán an aeir a fheabhsú, go háirithe mórfhoinsí truaillithe amhail trácht a laghdú. Is í an fhís atá ag Comhairle Cathrach Chorcaí don Chrios Aeir Úir ná go gcuirfidh sí feabhas ar an timpeallacht uirbeach chun tacú le sláinte an phobail agus leis an ngeilleagar áitiúil, rud a fhágann gur áit níos tarraingtí í Corcaigh chun cónaí inti, chun obair a dhéanamh inti agus chun am fóillíochta a chaitheamh inti.
| 13
Powered by FlippingBook