[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Gradam Chambers Ireland - Gradam na Timpeallachta Inbhuanaithe I mí na Samhna 2022, bhuaigh Comhairle Cathrach Chorcaí Gradam Chambers Ireland na Timpeallachta Inbhuanaithe as Straitéis Chomhairle Cathrach Chorcaí um Chaighdeán an Aeir . Leagtar amach sa straitéis na gníomhartha a dhéanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí idir 2021 agus 2026 chun tiúchan na dtruailleán aeir i gceantar na cathrach a laghdú; rud a imreoidh tionchar dearfach ar shláinte agus ar chaighdeán beatha na n-áitritheoirí agus na gcuairteoirí.
Aer Úr le Chéile I mí Dheireadh Fómhair 2022, thomhais níos mó ná 700 eolaí leibhéil an truailleáin aeir dhíobhálaigh, Dé- ocsaíd Nítrigine (NO2) i gcathair Chorcaí mar chuid den tionscadal Aer Úr le Chéile (Cathair Chorcaí) tionscadal. Déanfaidh Comhairle Cathrach Chorcaí imeacht poiblí a óstáil in 2023, áit a gcuirfear torthaí an staidéir i láthair. Bhí an tionscadal faoi stiúir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) agus Aonad Oideachais Comhshaoil An Taisce, a d'oibrigh le Comhairle Cathrach Chorcaí chun an mórthionscadal eolaithe seo a chur ar siúl. Úsáidfidh an EPA an fhaisnéis a bhaileofar anois chun cabhrú le samhaltú agus réamhaisnéis chaighdeán an aeir agus úsáidfidh Comhairle Cathrach Chorcaí í chun díriú ar limistéir le haghaidh bearta agus cláir ar leith um chaighdeán an aeir.
| 14
Powered by FlippingBook