[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Seirbhísí Uisce Seirbhísí Uisce
Formhór na hoibre a dhéanann an Rannóg Seirbhísí Uisce i gComhairle Cathrach Chorcaí is thar ceann Uisce Éireann a dhéantar é agus seirbhísí poiblí uisce & fuíolluisce á gcur ar fáil. San áireamh i Seirbhísí Uisce tá Draenáil Uisce Dromchla, monatóireacht ar sheirbhísí Príobháideacha Uisce agus Fuíolluisce atá faoi fhreagracht an Údaráis Áitiúil. Le linn 2022, de réir mar a d'fhill an tsochaí ar an ngnáthshaol tar éis phaindéim Covid 19, lean Comhairle Cathrach Chorcaí uirthi ag soláthar gach seirbhís riachtanach Draenála Uisce, Fuíolluisce agus Uisce Dromchla. Lean an fhoireann de bhearta réamhchúraim riachtanacha agus athruithe ar chleachtais oibre a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go soláthraítí na seirbhísí. Táirgeadh Uisce Le linn 2022 tháirgeamar 28,689,000 lítear uisce ar an meán gach lá ag Oibreacha Uisce Bhóthar na Laoi. Ba laghdú 1,590,000 lítear/lá é sin ar tháirgeadh 2021. Aistríodh táirgeadh uisce chuig an monarcha nua táirgthe ar Bóthar na Laoi ag deireadh mhí Iúil 2022 Ceanglaítear ar Chomhairle Cathrach Chorcaí caighdean an uisce a sheachadtar ar ár gcustaiméirí ar fud líonra uisce na cathrach a thástáil. Dhéantaí é seo, go traidisiúnta, ach cuairt a thabhairt ar thithe go randamach agus sampla a thógáil ó sconna na cistine. Mar gheall ar shrianta COVID-19, níorbh fhéidir é sin a dhéanamh a thuilleadh agus da bhrí sin b’éigean teacht ar bhearta eile. D’fhorbair foireann na Seirbhísí Uisce ceangaltán a d’fhéadfaí a cheangal leis an mbosca teorann taobh amuigh d'áitreabh an chustaiméara ionas go bhféadfaí sampla a thógáil gan dul isteach san áitreabh féin ná cur isteach ar an gcustaiméir ar bhealach ar bith. Fuarthas amach go raibh sé seo ní ba thapúla agus ní ba shábháilte do gach duine lenar bhain. Is féidir samplaí a thógáil go rialta agus anailís a dhéanamh ar threochtaí. Cuireadh tús leis seo in 2020 agus lean sé ar aghaidh ó shin.
Dáileadh Uisce
|
Powered by FlippingBook