[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Lean cothabháil agus feidhmiú an líonra uisce ar aghaidh 7 lá na seachtaine 52 seachtain na bliana chun a chinntiú gur soláthraíodh uisce do shaoránaigh Chathair Chorcaí de réir mar a thángamar as an bpaindéim. Baineadh é seo amach le bearta maithe sláinteachais agus cosanta, le criúnna a scaradh agus le dhá ionad ar leith a chur ar fáil óna mbeadh daoine ag obair, chun sábháilteacht na foirne a chinntiú. Rinne criúnna an líonra uisce áisitheoireacht don chlár suntasach oibreacha caipitil uisce agus naisc nua ar fud na cathrach freisin. Clár Oibreacha Caipitil Leanadh ar aghaidh le príomhthionscadail bhonneagair ón mbliain seo caite ina measc an tIonad Cóireála Uisce nua ar Bhóthar na Laoi, an Tionscadal Uasghrádaithe Píblínte agus Clár an Líonra Uisce do na hoibreacha um Laghdú Sceite. Ba é an sprioc do Chomhairle Cathrach Chorcaí in 2022 laghdú sceite 1.25 MLD a bhaint amach. Baineadh laghdú 4.5 MLD amach i ndáiríre de bhun na sár-oibre a rinne foireann seirbhísí uisce na Comhairle agus iad ag obair leis an gConraitheoir Réigiúnach (Ward & Burke) ar Aimsigh agus Deisigh, athshlánú príomhsholáthar uisce, laghdú brú agus oibreacha bainte luaidhe. Cuireadh deireadh le tógáil an Ionaid nua Chóireála Uisce ar Bhóthar na Laoi i mí Iúil agus thosaigh sé ag soláthar uisce don Líonra ó mhí Lúnasa. Is é atá i dTionscadal Píblínte Chorcaí ná 3 phíblíne trunc dáileacháin, 2 phríomhphíobán aníos agus 2 stáisiún caidéil agus leanadh leis ón mbliain seo caite. In 2022 suiteáladh bulc-phíblínte agus tógadh na stáisiúin chaidéil, rud a d'fhág gur féidir tús a chur leis an gcoimisiúnú in 2023. Tar éis measúnacht struchtúrach a rinneadh anuraidh, rinneadh deisiúcháin ar Thúr Uisce Pháirc an Teampaill lena chinntiú go bhfanfaidh sé i mbun seirbhíse amach anseo. Tá díon an phríomhthaiscumair i bPáirc an Teampaill á athsholáthar freisin. Cuireadh tús leis na hoibreacha ar an láthair i mí Eanáir nuair a baineadh an díon agus nuair a rinneadh eilimintí an dín nua ar shiúl ón láthair. Críochnaíodh múnla hiodrálach an líonra fuíolluisce go céim 3, an líonra a mheas agus réimsí deacrachta a thabhairt faoi deara. Tá plean Bonneagair á dhréachtú tar éis chéim 3 a chríochnú a aimseoidh agus a thabharfaidh tús áite do thionscadail chun deacrachtaí sa líonra a mhaolú.
Dul chun cinn maidir le hIonad nua Cóireála Uisce Bhóthar na Laoi Nua agus sa chúlra cuid
| 16
Powered by FlippingBook