Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Draenáil Leanadh d'feidhmeanna dá leithéidí bainistiú Fuíolluisce agus dul i ngleic le Fuarlaigh sa Chathair mar ba ghnách i rith 2022, in ainneoin na paindéime, gan aon laghdú ar an tseirbhís. Ba léir an saineolas atá sa rannóg seo, go háirithe maidir le himeachtaí aimsire, in 2022. Bhí ról lárnach ag an bhfoireann maidir le tionchar na n-imeachtaí sin ar an gCathair a bhainistiú agus a laghdú. Cuireadh athruithe i gcleachtais oibre na Foirne go léir, laistigh agus lasmuigh, i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidís slán sábháilte. Chinntigh an tsolúbthacht agus an athléimneacht a léirigh gach duine gur leanadh den ghnó mar ba ghnách gan aon laghdú ar sheirbhísí. Uisce Tuaithe Is feidhm nua, a bheag nó a mhór, é seo do Chomhairle Cathrach Chorcaí tar éis teorainn na Cathrach a leathnú in 2019. Tá obair ag leanúint ar aghaidh maidir le feidhmeanna nua a thabhairt isteach dá leithéidí Deontais do Thoibreacha Tí agus d'Umair Shéarachais agus tacaíocht deontais a thabhairt do Ghrúpscéimeanna Soláthair Uisce. Chruthaigh Covid 19 go leor dúshlán, ach tá sé tar éis ár bhfoirne i Seirbhísí Uisce a chomhdhlúthú. Forbraíodh scileanna agus cumais nua maidir leis an tslí a ndéanaimid ár gcuid oibre agus a gcuirimid seirbhísí ar fáil. Lean an fhoireann ar fad orthu ag léiriú teacht aniar agus solúbthachta iontach agus iad ag oiriúnú don mhodh oibre nua chun a chinntiú gur seachadadh na seirbhísí go léir, ina measc seirbhísí Reachtúla, le linn 2022, agus go leanann siad ar aghaidh ag seachadadh na gcaighdeán is airde agus an chathair ag teacht amach as an bpaindéim. Páirceanna 7 Áineas Oscailt Pháirc na Muiríne Agus obair á déanamh leis an Roinn Bonneagair, osclaíodh Céim 1 de Pháirc na Muiríne don phobal go hoifigiúil. Gairdíní Pobail Tháinig fás ollmhór le dhá bhliain anuas ar Ghairdíní Pobail laistigh de Pháirceanna Poiblí ar fud na Cathrach, agus tá Roinn na bPáirceanna ag obair i gcomhar le Green Spaces for Health agus grúpaí pobail eile chun spásanna gairdín pobail nua a chruthú. Rinneadh tuilleadh dul chun cinn i mbliana i bPáirc na Claise Duibhe, i bPáirc Bhaile an Easpaig, i bPáirc Dhúghlais, i mBóthar Bhéal Átha hÚlla agus i gceantair eile. Crainn a Chur Chuir Roinn na bPáirceanna Poiblí níos mó ná 4000 crann in 2022. Bratacha Glasa D’éirigh le Roinn na bPáirceanna Poiblí 4 Bhratach Ghlasa a bhaint amach in 2022. Bhuaigh Páirc Mhic Gearailt agus Páirc Shalom araon gradaim arís, agus bhuaigh an Pháirc Réigiúnach, Baile an Chollaigh agus Páirc Phobail Dhúghlais, gradaim freisin. Ar cheann de na príomhchritéir le haghaidh dámhachtainí, tá bainistíocht inbhuanaithe comhshaoil na páirce. Gan luibhicídí a úsáid In 2022, thug an Roinn Páirceanna agus Áineasa isteach polasaí gan úsáid a bhaint as luibhicíd ar fud na bPáirceanna Poiblí agus na Reiligí go léir. Pailneoirí a Chur Tugadh isteach go leor limistéar de phailneoirí nua i bpáirceanna poiblí agus i spásanna oscailte ar fud na Cathrach in 2022. Scairdeáin uisce Cuireadh isteach roinnt scairdeán uisce óil i roinnt Páirceanna Poiblí i rith na bliana, ina measc páirceanna poiblí ag a mbíonn an líon is mó daoine ar nós Pháirc Mhic Gearailt agus na Páirce Réigiúnaí, rud a spreagann leanaí agus úsáideoirí eile a gcuid buidéal uisce in-athlíonta a thabhairt leo agus cuairt á tabhairt ar ár bPáirceanna Poiblí (stíl mhaireachtála shláintiúil). Cuirfear isteach a thuilleadh scairdeán uisce i rith 2023.

| 17

Powered by