[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Housing First Seoladh an Plean Forfheidhmithe Náisiúnta 2022-2026 an 20 Nollaig 2021 mar chuid de Thithíocht do Chách. Déanann sé foráil do 1,319 tionóntacht Housing First a chruthú go náisiúnta thar an tréimhse 2022 - 2026. I gcás Chomhairle Cathrach Chorcaí, leagadh síos sprioc 45 tionóntacht le sceideal 10 gcinn do 2022, 5 cinn do 2023 agus 10 gcinn gach bliain go dtí 2026. In 2022 sháraigh Cathair Chorcaí a spriocanna agus cruthaíodh 16 thionóntacht nua. Cur chuige tithíochta is ea Housing First a chuireann ar chumas daoine a bhíodh ag codladh lasmuigh nó a bhaineann úsáid fhadtéarmach as cóiríocht éigeandála, agus a bhfuil riachtanais chasta acu, cóiríocht bhuan dhaingean a fháil, mar aon le soláthar dian-tacaíochtaí chun cabhrú leo a dtionóntachtaí a choinneáil. Is comhoibriú é Housing First idir an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil & Oidhreachta, agus an Roinn Sláinte. Tá sé mar aidhm ag Housing First áit chónaithe a sholáthar do dhaoine a úsáideann cóiríocht éigeandála go fadtéarmach. Cuireann an tionscadal baile ar fáil i gcomhar le tacaíochtaí atá dírithe ar an duine, atá bunaithe ar an bpobal agus ar théarnamh, le tacaíochtaí FSS agus ár gcomhpháirtithe NGO - Cork Simon agus Focus Ireland. Seirbhís Socrúchán Cóiríochta – Oifig APS Bhí €21.4m i maoiniú Alt 10 do réigiún an Iardheiscirt, leithdháileadh €13.4m ar Chathair Chorcaí in 2022. Tá an tSeirbhís Socrúchán Cóiríochta faoi lán seoil agus lean sí de thacaíochtaí a chur ar fáil le linn na míonna tosaigh in 2022, nuair a bhí srianta Covid i bhfeidhm fós. D’fhan na hoifigí poiblí ar oscailt le linn na paindéime gan aon chur isteach ar sheirbhísí. Soláthraíonn APS tacaíocht agus abhcóideacht do dhaoine atá i mbaol a bheith gan dídean agus cuireann sé lóistín sábháilte agus slán ar fáil dóibh siúd a bhfuil riachtanas láithreach cóiríochta acu. • Chabhraigh seirbhís HAP Place Finder le 81 teaghlach cóiríocht a aimsiú faoin gClár Cúnaimh Tithíochta in 2022. • Cuireadh 140 teaghlach i gCóiríocht Éigeandála le linn 2022. Bhí 43 teaghlach san iomlán ag baint úsáide as Cóiríocht Éigeandála an 31 Nollaig 2022. • D’fhág 74 teaghlach seirbhísí do dhaoine gan dídean, méadú 27% ar 58 teaghlach a d’fhág in 2021. D’fhág 88 leanbh na seirbhísí do dhaoine gan dídean in 2022, ar mhéadú 57% é sin ar leanaí a d’fhág Lóistín Éigeandála in 2022. Straitéis don Aimsir Fhuar Tá APS ag déanamh monatóireacht ghníomhach ar an Straitéis don Aimsir Fhuar sna míonna fuara. Tagann an straitéis seo i bhfeidhm i mí Dheireadh Fómhair agus fanann sí i bhfeidhm go dtí mí an Mhárta. Tá APS ag lorg cóiríocht bhreise go gníomhach le linn mhíonna níos fuaire an gheimhridh chun a chinntiú nach mbeadh aon duine ag codladh lasmuigh le linn na tréimhse sin. Is é an Coiste um Aimsir Fhuar a thagann le chéile gach coicís a dhéanann monatóireacht ar chur i bhfeidhm na straitéise don aimsir fhuar sa chathair. Ar an gcoiste sin tá foireann For-rochtana Shíomóin Chorcaí, lucht bainistíochta ó Cork Simon Shelter, foireann De Paul ó Bhrú Naomh Uinseann, na Gardaí Pobail, Good Shepherd Services, coiste atá faoi chathaoirleacht fhoireann Chomhairle Cathrach Chorcaí. Seirbhís For-rochtana An tSeirbhís For-rochtana – tá 4 bhall foirne anois ag déanamh seiceálacha for-rochtana gach lá i lár na cathrach agus sna ceantair máguaird. I gcás foláireamh aimsire ar bith reáchtáiltear cruinniú roimh ré nó le linn an rabhaidh chun a chinntiú go bhfuil freagra leordhóthanach ó Chomhairle Cathrach Chorcaí agus ó na seirbhísí For-rochtana.
| 20
Powered by FlippingBook