[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Pobal, Cultúr & Cothú Áite An Rannóg Pobail
Leanann foireann Pobail Chomhairle Cathrach Chorcaí ag obair i gcomhar leis na comhpháirtithe go léir agus le geallsealbhóirí pobail chun tacú le comhpháirtíochtaí, chun dúbailt a laghdú agus tionscadail nua agus nuálaíocha a sheachadadh d’fhonn cur le saol na bpobal ar fud Chathair Chorcaí. Tá an fhoireann freagrach as roinnt tionscadal agus clár a sheachadadh, ina measc an Comhchoiste Póilíneachta (JPC), RAPID, Plean Sóisialta, Eacnamaíoch agus Comhshaoil (SEEP) de chuid Chlár Athghiniúna Thrian Thiar Thuaidh na Cathrach (CNWQR), Fóraim Sábháilteachta Pobail, Cathracha Foghlama Chorcaí, Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil Chorcaí chomh maith leis an gCoiste Forbartha Pobail Áitiúil agus an Clár SICAP a chomhordú. In 2022, lean an fhoireann orthu ag forbairt, agus cuireadh acmhainn foirne a bhaineann go sonrach leis an gclár le haghaidh Pobail Shláintiúla Sláintecare agus Freagairt na hÚcráine leis an bhfoireann. Leagadh béim ar leith chlár tras-stiúrthóireachta a fhorbairt. Mar thoradh ar an gcur chuige comhoibrithe feabhsaithe seo, go háirithe le comhghleacaithe i Stiúrthóireacht na Tithíochta, tá feabhas agus nuálaíocht inár gcláir oibre. Chomh maith le comhpháirtíochtaí laistigh de Chomhairle Cathrach Chorcaí, bíonn an fhoireann Pobail ag breathnú amach i gcónaí, agus tá an fhoireann sin i gceannas ar na líonraí náisiúnta cleachtais, ar chomhoibriú idirghníomhaireachta ar fud na cathrach, agus ar thionscadail a fhaigheann tacaíocht ón Eoraip, agus tá tuilleadh sonraí fúthu le fáil thíos. Tá an fhoireann uaillmhianach i gcónaí maidir leis an luach is féidir léi a sheachadadh don chathair, agus do na guthanna is annaimhe a fhaigheann cluas le héisteacht inár gcathair. Beidh na prionsabail seo mar bhonn agus mar thaca ag an obair leanúnach ar an bPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail, atá ina bhonn do bheartas uile sóisialta, pobail agus eacnamaíoch na cathrach, plean ar cuireadh tús lena fhorbairt i samhradh 2022, agus leanfar leis i rith 2023.
|
Powered by FlippingBook