Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Sruthanna Maoiniúcháin Riarann Rannóg Pobail Chomhairle Cathrach Chorcaí roinnt sruthanna maoiniúcháin ar bhonn bliantúil ibna measc Ciste Caipitil Gníomhaíochtaí Pobail LCDC 2022, Ciste Costais Neamh-Phá Gníomhaíochtaí Pobail LCDC 2022 , Deontais Chaipitil do Chumann Pobail de chuid Chiste Forbartha Pobail Chomhairle Cathrach Chorcaí 2022, Deontais Tionscadail ón gCiste Forbartha Pobail de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí 2022, Deontas Cothabhála Ceantair 2022 agus SEEP 2022.

Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil Chorcaí 2022 Tar éis sos dhá bhliain mar gheall ar Covid cuireadh Féile Foghlama ar Feadh an tSaoil Chorcaí ar siúl arís an 3-10 Aibreán 2022. Chuir bróisiúr na féile ar fáil arís agus cuma nua ghorm air agus bhí os cionn 300 Imeacht Foghlama ar Feadh an tSaoil ar siúl ar fud Chathair Chorcaí, imeachtaí a reáchtáil grúpaí, eagraíochtaí agus daoine aonair. Bhí lucht na féile agus na foghlaimeoirí ar bís nuair a d’fhill siad ar imeachtaí ‘sa bhfíorshaol’ ach chuir an fhéile deis ar fáil freastal ar imeachtaí ar líne agus go hibrideacha freisin. In éineacht leis na Dámhachtainí um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil is í an Fhéile príomh-ócáid Chathair Foghlama Chorcaí, a bhuaigh gradam UNESCO ó 2015 i leith. Is samhail inbhuanaithe de rannpháirtíocht na Foghlama ar Feadh an tSaoil í an Fhéile agus luaitear ar fud an domhain í ina heiseamláir iontach den chleachtas is fearr i ngníomhaíocht na Cathrach Foghlama agus rannpháirtíocht phobail le coincheap na Foghlama ar Feadh an tSaoil. Príomhghné den Fhéile um Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil is ea seimineár bliantúil Cork Conversations Learning ; reáchtáladh seimineár 2022 in Triskel Christchurch agus bhí ionchur ó chleachtóirí domhanda san Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil ann ó ar fud an domhain, ina measc an Fhrainc, an Ísiltír, an RA agus SAM.

Corcaigh ag Ceiliúradh Ghradaim Foghlama ar Feadh an tSaoil 2022 Don dara bliain, thug Cathair Foghlama Chorcaí aitheantas agus gradam d’eiseamláirí na foghlama ar feadh an tsaoil i ngach aoisghrúpa, spéis agus cumas a léiríonn nuálaíocht, díocas agus athléimneacht, agus a chuireann go mór le cultúr na foghlama a chruthú i gCorcaigh. Sheol Cathair Foghlama Chorcaí le tacaíocht ón Leas-Ardmhéara, an Comhairleoir John Sheehan an dara Cork Celebrates Lifelong Learning Awards an 10 Bealtaine 2022 i Halla na Mílaoise. Bhí an t-imeacht ar siúl in éineacht le hImeacht Aitheantais d’ainmnithe 2021 a raibh deis acu teacht isteach go Halla na Cathrach mar gur bronnadh a ngradam go fíorúil an bhliain roimhe sin. Bhí ainmniúcháin do na dámhachtainí ar oscailt do ghrúpaí, d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair i gCathair Chorcaí. Faigheann gach ainmní Teastas aitheantais de chuid Chathair Foghlama Chorcaí agus tá sé le feiceáil ar ár ‘Rolla Oinigh’ agus bronnfar Gradam criostail ar bhuaiteoirí an ghearrliosta agus na gcatagóirí trí chéile.

| 23

Powered by