Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Ba iad catagóirí ‘Cork Celebrates Lifelong Learning’ ná: Gradam Luathbhlianta; Gradam Bunleibhéil; Gradam Meánleibhéil; Gradam Foghlama don Óige sa Phobal; Gradam Ardoideachais; Gradam Breisoideachais; Gradam Oideachais Aosaigh Pobail; Gradam an Tionscnaimh Foghlama san Ionad Oibre; Gradam na Foghlama ar feadh an tSaoil do Scor Gníomhach; Gradam na hIarrachta Eisceachtúla; Gradam na Foghlama Inspioráidí ar feadh an tSaoil.

Tháinig painéal moltóirí Ghradaim Cork Celebrates Lifelong Learning le chéile d’fháiltiú a d’óstáil Ardmhéara Chorcaí, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth, i Seomra na Comhairle, Halla na Cathrach, Corcaigh. Fuarthas beagnach 60 ainmniúchán do ghrúpaí, d’eagraíochtaí, agus do dhaoine aonair ar fud na cathrach agus d’fhreastail breis agus 150 gradamaí lena gcairde agus a dteaghlaigh ar Shearmanas Bronnta 2022 in éineacht le moltóirí, comhaltaí boird, eagraíochtaí comhpháirtíochta agus toscairí cuairte ó

Chathracha Foghlama eile ar an oileán, i Halla na Mílaoise an 30 Samhain 2022. Chuir an Leas-Ardmhéara, an Comhairleoir Damien Boylan fáilte mhór roimh na buaiteoirí go léir a cuireadh ar an ngearrliosta agus mhol sé a gcion chun Corcaigh a dhéanamh ina Cathair Foghlama a léiríonn meas don fhoghlaim ar feadh an tsaoil dá saoránaigh go léir. Cathair Foghlama Chorcaí & Líonra Rochtana Chorcaí Reáchtáil Comhairle Cathrach Chorcaí, ETB Chorcaí, MTU, UCC agus Cathair Foghlama Chorcaí, Cork Chamber, J&J & ONE CORK (T.U.) MOVEMENT Seimineár líonrúcháin an 27 Bealtaine in Ionad Comhdhála Óstán Clayton dar teideal ‘ Community Education – Gateway or Goal?’ Tháinig soláthraithe oideachais pobail le chéile chun eispéiris foghlama bunathraitheach do dhaoine aonair agus do ghrúpaí a phlé. Scrúdaigh an ócáid: • Mar is féidir le hOideachas Pobail bealaí rochtana a sholáthar do raon leathan foghlaimeoirí, i raon leathan suíomhanna, i dtreo raon leathan ceann scríbe. • Mar is féidir scéala a fháil faoi pháipéar seasaimh Bhord Oideachais agus Oiliúna Éireann (ETBI) ar ról, luach, sheachadadh agus thodhchaí Oideachas Pobail FET BOO agus é a phlé. Thug an ócáid deis freisin: scéalta spreagúla foghlaimeoirí a chloisteáil; raon samplaí dea-chleachtais a fhiosrú ó Sholáthróirí Oideachais Pobail ar fud na Cathrach agus an Chontae; eolas a fháil faoi bheartais um Oideachas Pobail agus rannpháirtíocht le lucht déanta cinntí, idir áitiúil agus náisiúnta. Bronnadh maoiniú do Phríomhpháirtithe in obair Chomhroinnte Oileánda le Líonra Cathracha Foghlama na hÉireann ar Chathair Foghlama Chorcaí I mí Dheireadh Fómhair bronnadh maoiniú do thionscadal de chuid Shared Island funding for the progression of a ‘Learning Island’ i gcomhar le Cathracha Foghlama eile UNESCO ar Oileán na hÉireann – Cathair Dhoire agus Réigiún an tSratha Bháin (comhpháirtithe comhcheannaireachta), Béal Feirste, Baile Átha Cliath & Luimneach, ar cathracha foghlama iad. Reáchtáladh cruinniú pleanála na gcomhpháirtithe i mBaile Átha Cliath chun pleananna a chur chun cinn don tionscadal uaillmhianach seo ina mbeidh sraith malartuithe ar fud an oileáin, a fhiosróidh deis do chomhoibriú ‘Uile Éireann’ in go leor réimse bunaithe ar na téamaí a shonraítear in Cork Call to Action – doiciméad toraidh Chomhdháil Dhomhanda UNESCO ar an Fhoghlaim ar Feadh an tSaoil a reáchtáladh i gCorcaigh le linn 2017; a gheallann Cathracha Foghlama a fhorbairt atá 1. Glas agus sláintiúil, 2. Cothrom agus Cuimsitheach agus 3. Tacú le hObair Mheasúla agus le Fiontraíocht.

| 24

Powered by