[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Cathair Foghlama Chorcaí - Lá Cathracha Foghlama na hÉireann - 29 Meán Fómhair 2022 Cuireann Líonra Cathracha Foghlama na hÉireann líonra na gCathracha Foghlama Éireannacha chun cinn le ‘Learning Cities Day’, comhthionscnamh ar cuireadh tús leis i gCorcaigh chun an fhoghlaim a chur chun cinn ar fud na gcathracha, na réigiún cathrach, agus oileán na hÉireann. Síníodh in 2019 agus athshíníodh in 2022 é agus thug Ardmhéaraí Chorcaí, Bhaile Átha Cliath agus Bhéal Feirste agus Méaraí Luimnigh agus Chathair Dhoire agus Réigiún an tSratha Bháin gealltanas foirmiúil go n-oibreodh gach cathair le chéile agus go dtabharfaidís comhthacaíocht dá cheile chun cabhrú leis an bhfís i ndáil le Cathair Foghlama a chur ar fáil do gach saoránach. Maidin sin ‘Irish Learning Cities Day’ thug Ardmhéara Chorcaí, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth, cuairt ar na scoileanna seo a leanas: North Pres., Scoil Aiséirí Chríost, Scoil Íosagáin, A.G. Na Mainistreach Thuaidh, North Monastery and Gaelscoil Pheig Sayers agus í ag leanúint de nós seanbhunaithe na gcuairteanna scoile i gCorcaigh. Ina dhiaidh sin reáchtáladh sraith imeachtaí ar fud na cathrach a rinne ceiliúradh ar an bhFoghlaim ar feadh an tSaoil, ina measc: Searmanas Bronnta Céimeanna Phobal Shíomóin i Halla na Mílaoise, Comhairle Cathrach Chorcaí i gceiliúradh ar na héachtaí iontacha a rinne Pobal Shíomóin le dhá mhí dhéag anuas agus roimhe sin. Siúlóid & Caint Inbhuanaithe an Pharóiste Theas, Green Spaces for health, threoraigh Maria Young siúlóid agus caint le thart ar 15 duine a bhí i láthair tríd an bParóiste Theas inar léiríodh cad is féidir a dhéanamh chun tacú le fiadhúlra agus le hinbhuanaitheacht i lár na cathrach. Cur i láthair ‘Driving a Lifelong Learning Agenda to meet Global Challenges’ i COC ; Tugadh cuireadh do Chathair Foghlama Chorcaí mar chomhpháirtí lárnach le COC cur i láthair a dhéanamh ar dhul chun cinn Líonra Taighde ASEM ar Chathracha agus Réigiúin Foghlama, arna chomh-óstáil leis an tSeapáin. Agus d’óstáil an tArdmhéara, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth Líonra Foghlama ar Feadh an tSaoil ASEM (Áise- Eoraip) ina dhiaidh sin. Pathways to Participation Mar chuid den chomhdháil Pathways to Participation, thionóil an foireann Pobail cruinniú de Thoscaireacht San Francisco le bancheannairí ceannródaíocha pobail a oibríonn go dian dícheallach ina bpobail féin mar thacadóirí, cleachtóirí agus soláthraithe seirbhíse. I measc an gheo bhí Rosella Sheehan ó IMayfield Arts Centre, Breda O'Donoghue; Traveller Visibility Group, Orla Burke, líonra Rannpháirtíochta Pobail; Ora O'Donovan, LCDC agus Carolyn Miller, Togher Tidy Towns. Tar éis na rannpháirtíochta seo, bhuail an toscaireacht le Naomi Masheti agus Fionnuala O’Connell nó Cork Migrant Centre, chun comhthosaíochtaí an dá chathair a phlé, agus chun tuilleadh a chloisteáil faoin obair atá á déanamh ag an Migrant Centre chun tacú le himircigh saol sláintiúil agus iomlán a bhunú i gCorcaigh. Beyond Border - Comhdháil Sábháilteachta Pobail Uile-Oileáin, Dún Dealgan. Rinne an Fhoireann Pobail ionadaíocht ar Chomhairle Cathrach Chorcaí ag an gcéad chomhdháil Uile-Oileáin seo a léirigh rannpháirtíocht trasteorann i ndáil le ceist ríthábhachtach um struchtúir agus tionscnaimh sábháilteachta pobail. Bhí ionadaíocht ag Comhairle Cathrach Chorcaí, chomh maith le hionadaithe póilíneachta, An Garda Síochána, Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail agus baill den phobal ann. Tá sé seo ag teacht le hobair na foirne Pobail chun tacú le Fóraim Sábháilteachta Pobail ar fud na gceantar RAPID chomh maith leis an gComhchoiste Póilíneachta. Coiste Ceantarbhunaithe RAPID Tháinig coiste ceantarbhunaithe RAPID le chéile go luath i mí na Samhna chun leanúint d’obair RAPID ar fud na cathrach. Bhí an cruinniú dírithe go háirithe ar ionchur ón Líonra Rannpháirtíochta Pobail a chomhordóidh próiseas tofa Ionadaithe Pobail go luath in 2023.
| 26
Powered by FlippingBook