[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Lá Domhanda na Leanaí Den chéad uair riamh, d’óstáil Halla na Cathrach dhá imeacht speisialta chun Lá Domhanda UNESCO na Leanaí a chomóradh an 20 Samhain. Ba é Grúpa Stiúrtha Cathracha a Thacaíonn le Leanaí, a bhfuil foireann Pobail CCC ina cuid de, a bhí i mbun an imeachta agus mar chuid de sin caitheadh solas gorm ar Halla na Cathrach chun an lá a cheiliúradh. In éineacht leis seo bhí imeacht do leanaí agus a dteaghlaigh i Seomraí na Comhairle agus i Seomraí an Ardmhéara, mar a riabh léirithe rince agus ceoil ar siúl le dhá ghrúpa daoine óga. D’éirigh thar barr leis an imeacht seo agus tá súil ag an nGrúpa Stiúrtha cur leis seo agus imeacht níos airde próifíle a chur ar siúl in 2023. Sheol an tArdmhéara taispeántas, Dé Luain 21 Samhain, san Atrium chun Guthanna na Leanaí a cheiliúradh i rannáirtíocht i saol na cathrach - póstaer faoi iamh leis seo. Taispeánadh go leor saothar le leanaí agus daoine óga ar fud na cathrach, dá leithéidí póstaer, ealaíne agus físeán ar feadh na seachtaine ar fad san atrium, agus, arís eile, táthar chun an imeacht a mhéadú in 2023. Clár Aoisbháúil Chathair Chorcaí Bliain ghnóthach agus tháirgiúil a bhí in 2022 do Clár Aoisbháúil Chathair Chorcaí. Bhí ról ríthábhachtach ag an bhFóram do Dhaoine Scothaosta agus ag cruinnithe na Comhghuaillíochta Aoisbháúla a reáchtáladh gach ráithe maidir le héisteacht le guthanna daoine scothaosta agus iad a bheith rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta. Lean an fhoireann Aoisbháúil le seachadadh an Chláir Ghnó Aoisbháúil a cuireadh i bhfeidhm roinnt babhtaí i gcomhpháirtíocht le Cumann Gnó Chorcaí, Cumann Tráchtála Chorcaí, agus an Oifig Fiontair Áitiúil. Bhí breis agus daichead cuideachta rannpháirteach sa chlár go dtí seo. I dtosach 2022, mar fhreagra ar ionadaithe ar dhaoine scothaosta a chuir in iúl go raibh easpa suíochán oiriúnach sa chathair ag cur cosc ar dhaoine scothaosta cuairt a thabhairt ar an gcathair, cuireadh isteach suíocháin Aoisbháúil sa chathair chun comhtháthú sóisialta, rannpháirtíocht agus cuimsiú sóisialta a chothú. Ina theannta sin, rinneadh oiliúint dhigiteach Aoisbháúil a chur i bhfeidhm i leabharlanna na cathrach i rith 2022.
| 27
Powered by FlippingBook