[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Cathair Thráma-Íogair Chorcaí Ba bhliain gnóthach agus tháirgiúil í 2022 do Chathair Thráma-Íogair Chorcaí nuair a seoladh “ Cork Our Vision for a Trauma-Sensitive City City-Wide Trauma Awareness, Sensitivity and Healing through Relationship Strategy 2022-2025 ” chomh maith le modúl ríomhoiliúna 45 nóiméad “An Introduction to Psychological Trauma ” a dhearadh agus a sheachadadh. Tá eolas ar an dá rud sin le fáil ar an suíomh idirlín agus ar HSeLanD . In “Cork: Our Vision for a Trauma-Sensitive City” táimid ag cur creata agus deiseanna ar fáil dúinn mar chathair, i gcomhpháirt ag leibhéal eagraíochtúil agus ag leibhéal an duine aonair, chun lionsa tráma a ghlacadh agus san obair a dhéanaimid agus sa saol a chaithimid. Is é a chiallaíonn cur chuige tráma- íogair a ghlacadh ar leibhéal an daonra • córais tionscnamh a fhorbairt a fhéachann le tráma a chosc ar an gcéad dul síos. • Cúinsí cosanta a chothú do chách • iompraíochtaí a d’fhéadfadh eascairt as tráma a thabhairt faoi deara agus idirghabháil chuí a dhéanamh, agus • cabhrú le daoine atá ag fulaingt iarmhairtí díobhálacha ar bhealach tráma-íogair. Is féidir le freagairt ar bhealach tráma-íogair tionchar a imirt ar ár bhfolláine trí chéile, muintearas, cineáltas, sábháilteacht agus muinín a chothú. Anseo i gCorcaigh ba mhaith linn seirbhísí poiblí, eagraíochtaí tríú hearnáil, pobail agus daoine aonair a fheiceáil ag glacadh leis an straitéis seo agus á neadú ina gcleachtas laethúil. Tugann an glao cróga chun gnímh seo ár ndúshlán go léir oibriú i dtreo a chinntiú go mbíonn ár n- idirghníomhaíochtaí lena chéile agus leis na daoine ar a bhfreastalaímid bunaithe ar chur chuige atá íogair ó thaobh tráma. Tríd an gcomhghníomhú seo is féidir linn go léir difríocht a dhéanamh maidir le cathair a thógáil atá íogair ó thaobh Tráma de . Tugann an straitéis seo deis dúinn mar chathair ‘lionsa tráma’ a fhorbairt is féidir a chur i bhfeidhm ar fud ár seirbhísí go léir. Léirigh paindéim Covid-19 dúinn go léir an tionchar a bhí ag tráma comhchoiteann, agus cé go rabhamar go léir san aigéan céanna, nach rabhamar sa bhád céanna. Léirigh Covid 19 ról agus tionchar tráma, go háirithe orthu siúd atá buailte cheana féin ag neamhionannais agus a bhfuil taithí acu ar Eispéiris Dhíobhálacha Óige (ACES). Rud is tábhachtaí fós, cuidíonn an straitéis seo linn na róil a imrímid go léir a thuiscint, agus an difríocht is féidir linn go léir a dhéanamh ach a bheith níos báúla agus níos tuisceanaí dá chéile. Ach ár ndearcthaí a athrú ar dtús mar dhaoine aonair, le chéile laistigh dár n-eagraíochtaí agus mar chathair atá ag aistriú ón dearcadh 'Cad atá mícheart leat?’ go ceist a chur 'Cad a tharla duit?' Mar chathair, ba mhaith linn nósmhaireacht a chur chun cinn ina mbíonn comhbhá agus cineáltas ag daoine agus ina dtugtar de chumhacht dóibh rochtain a fháil ar na seirbhísí a theastaíonn uathu le haghaidh tacaíochta. Ba mhaith linn seirbhísí agus beartais a sholáthar a chothaíonn agus a neartaíonn caidreamh muiníneach. Is é aidhm na straitéise seo
creat tráma saincheaptha a fhorbairt ar fud na cathrach a thacóidh le heagraíochtaí reachtúla, pobail agus deonacha, chomh maith le pobail áitiúla. Ina croí- lár tá prionsabail agus cleachtais a fhorbairt a chuireann le Cathair Chorcaí a bheith íogair ó thaobh Tráma de. Cuimsíonn an creat seo roinnt spriocanna uileghabhálacha lena n-áirítear clár oiliúna agus tacar uirlisí saincheaptha a chur le chéile a fhorbrófar do gach eagraíocht chomhpháirtíochta agus a thairgfear dóibh. Ina theannta sin, is ionann an straitéis seo agus tús le forbairt léarscáile bóthair do Chathair Chorcaí a rianfaidh ár n-aistear misniúil spreagúil i dtreo Chathair Thráma-íogair.
| 28
Powered by FlippingBook