Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

An tSeachtain um Chothú Áite, Pontevedra, Meán Fómhair 2022

Lean foireann Pobail Chomhairle Cathrach Chorcaí lena cuid oibre ar an gclár oidhreachta Playful Paradigm, lenar threoraigh Corcaigh líonra náisiúnta de bhailte agus de chathracha spraíúla agus iad ag aistriú foghlaim na hoibre súgartha atá fréamhaithe sa chathair ó 2018 i leith. Sa tionscnamh seo, a fhaigheann tacaíocht iomlán ó phointe URBACT Náisiúnta na hÉireann agus ó Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre, ghlac ionadaithe ón Ros, Sligeach, Baile Dhún na nGall, Ráth Droma agus Port Laoise páirt i roinnt tionscnamh malartaithe foghlama le Corcaigh, agus d’aistrigh siad nuálaíochtaí chuig a suíomhanna féin. Mar thoradh air seo roghnaíodh an Tionscnamh Aistrithe Cleachtais Náisiúnta Playful Paradigm chun páirt a ghlacadh i seachtain na hEorpa um Chothú Áite in Pontevedra, áit a dtaispeánann cathracha ar fud an domhain sárchleachtas i gcothú áite, sa phleanáil uirbeach, sa dearadh agus i rannpháirtíocht pobail. Le linn dóibh a bheith i láthair, chuir an grúpa beocht i gcearnóg mhór ar an mbaile le Málaí Súgartha Leabharlanna Chathair Chorcaí agus reáchtáil siad ceardlann dóibh siúd ar mhian leo foghlaim ónár dtaithí. Mar gheall ar an obair a rinneadh le linn 2022 agusag an gcomhdháil seo go sonrach, glacadh Cathair Chorcaí isteach ar an gclár Cities in Placemaking a bheidh á reáchtáil ar feadh 2 bhliain, dar tús Márta 2023. Tionscadal Saorálaithe an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh I mí Iúil 2022, de bhun cur chuige ón Lárionad d’Obair Dheonach na hEorpa, ba í Comhairle Cathrach Chorcaí an chéad Údarás Áitiúil in Éirinn a d’óstáil Tionscadal Oibrithe Deonacha an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh. Ba ghá Lipéad Cáilíochta CSE a fháil ó Léargas chuige seo, mar aon le páirtithe leasmhara inmheánacha agus pobail a chomhordú chun tacú leis an tionscnamh coicíse. Chaith oibrithe deonacha ó Chorcaigh, ón gCipir, ón Iodáil, ón bhFrainc, ón nGearmáin agus ón Spáinn a gcuid ama i gCorcaigh ag cur lena gcuid eolais ar phlaistigh aonúsáide, ar thionchar na dramhaíola seo ar an timpeallacht mhuirí agus abhann, ar fhor-rochtain agus forbairt pobail agus ar chothú áite. Le linn an tionscadail, d'fhoghlaim an grúpa ó Old Cork Waterworks agus COC, ó Chlár Uiscí na nÚdarás Áitiúil, ó Friends of the Glen, ó fhoireann inbhuanaitheachta Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, agus ó gheallsealbhóirí pobail ó phobal Mhachan agus na Carraige Duibhe.

Chríochnaigh an tionscadal le dhá phríomhimeacht– nochtadh limistéar nua-athchóirithe faoin aer in Ionad Teaghlaigh Mahon, áit ar chaith na hoibrithe deonacha seachtain ag uaschúrsáil troscáin lasmuigh, agus taispeánadh scannán i bPlás Nano Nagle i gcomhar le Fóram Comhshaoil Chorcaí. Ba chuid thábhachtach den tionscadal é caidreamh fhoireann Pobail Chomhairle Cathrach Chorcaí le hIonad Oibrithe Deonacha Chorcaí, agus táthar ag súil go mbeidh sé ar an gcéad cheann de go leor tionscnamh comhchosúil sa chathair ó thús deireadh ghradam an Lipéid Cháilíochta.

| 29

Powered by