Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

An Fóram Freagartha Pobail Bunaíodh an Fóram Freagartha Pobail ag leibhéal an phobail agus é ag obair ar fud na ngníomhaireachtaí reachtúla, deonacha agus gach gníomhaireachta ar fud na cathrach. Tagann an CRF le chéile go rialta chun an fhreagairt phobal- stiúrtha a chomhordú maidir le cúnamh agus tacaíocht a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin de réir mar a chuirtear lóistín ar fáil dóibh ar fud na cathrach. D'éirigh le Comhairle Cathrach Chorcaí lóistín a sholáthar do isteach is amach le 600 Úcránach i 6 aonad iláitithe i gCathair Chorcaí. Ní hé amháin an ról atá againn lóistín a sholáthar ach a chinntiú go bhfuil ár n-áitritheoirí go léir rannpháirteach go hiomlán i saol na hÉireann.

I gcomhar lenár gcomhghleacaithe i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ETB agus eagraíochtaí Pobail & Deonacha cinntímid go bhfuil nasc idir na háitritheoirí go léir le seirbhísí áitiúla chomh maith le raon eolais a sholáthar faoin gceantar máguaird. Bímid i dteagmháil freisin lenár gcomhghleacaithe sna rannóga Spóirt agus Ealaíon chun gníomhaíochtaí sláinte agus cultúir a chur ar fáil dár n-áitritheoirí nua m.sh. Sports on the Green, Festival in a van, Eitpheil, Glow, An Nollaig sa Foyer etc. Is é an sprioc atá againn a chinntiú go bhfuil ár n-áitritheoirí chomh compordach agus is féidir sa chás éigeandála seo ina bhfuil siad. Lá Saoirse na Polainne Déardaoin 10 Samhain, tháinig Pobal Polannach Chorcaí le chéile i Halla na Cathrach, Corcaigh chun Lá Saoirse a cheiliúradh. ‘Together for Independence’ an teideal a bhí ar an imeacht agus tugadh cuireadh do go leor daoine de bhunadh Oirthear na hEorpa i gCorcaigh a ndlúthpháirtíocht leis an Úcráin a thaispeáint. Meastar go bhfuil beagnach 25,000 Polannach ina gcónaí i gCathair agus i gContae Chorcaí, rud a fhágann gurb é an grúpa mionlach is mó i gCorcaigh é. Is pobal an-bheoga agus gníomhach é pobal Polannach Chorcaí, ag a bhfuil clubanna agus grúpaí Polannacha, scoileanna Polannacha, siopaí agus gnólachtaí beaga Polannacha scaipthe ar fud na cathrach agus an chontae. Cuireann a gcultúr, a dteanga agus a dtraidisiúin le beogacht Chorcaí agus cabhraíonn siad le creatlach sóisialta agus cultúrtha shochaí na hÉireann a shaibhriú. Cuireadh tús leis an imeacht ach ar ardaigh Ardmhéara Chorcaí, an Comhairleoir Deirdre Nic Giollarnáth, bratach, agus ina dhiaidh sin bhí ceiliúradh ceoil, bia agus damhsa ar siúl i Halla na Mílaoise. Mar chuid den imeacht bhí leanaí Polannacha a fhreastalaíonn ar ‘Razem Academy’ iarscoile a reáchtálann Together-Razem agus iad gléasta i bhfeisteas áille tíre agus ag canadh amhráin na Polainne. Cuireann Together-Razem, príomheagraí na hócáide, tacaíocht ar fáil d’imircigh na Polainne agus na hEorpa Lár-Thoir ó 2006 agus iad ag tairiscint raon leathan seirbhísí dóibh chun cabhrú leo comhtháthú níos fearr le sochaí na hÉireann agus ag an am céanna meas agus cuimhne a chothú dá bhfréamhacha agus dá dtraidisiúin. Ó thosaigh an cogadh san Úcráin tacaíonn Together-Razem le dídeanaithe ón Úcráin chomh maith ach ceirbhísí riachtanacha a sholáthar i mol saincheaptha Together4Ukraine sa Linn Dubh.

| 30

Powered by