Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Sláintecare Ic cuid den plean athchóirithe an chúraim Sláinte Uilíoch (SHC) é Sláintecare. Is cur chuige trasearnála agus áit-bhunaithe é SHC agus is féidir leis tacú go héifeachtach le cuspóirí bheartais Sláintecare a chothú, cuspóirí atá dírithe ar shláinte agus folláine ár bpobail a fheabhsú. Is cur chuige dé-shnáithe é SHC chun aghaidh a thabhairt ar chinntithigh shóisialta na sláinte. Snáithe amháin is ea idirghabháil spriocdhírithe a bhaineann go sonrach le sláinte a thairgeann an HSE, agus oibríonn ranna rialtais nach bhfuil dualgas na sláinte orthu, a ngníomhaireachtaí agus a gcomhpháirtithe seachadta, chun aghaidh a thabhairt ar chinntithigh níos leithne na sláinte agus tacaíochtaí ar mhaithe leis na pobail seo. Bhí Comhairle Cathrach Chorcaí ar cheann de naoi gceantar déag a roghnaíodh do chéim 1 chun an clár a sheachadadh mar gheall ar struchtúir reatha an phobail, HSE agus an údaráis áitiúil. Thosaigh an t-oifigeach forbartha áitiúil, Tanya O’Sullivan, ag obair le Comhairle Cathrach Chorcaí i mí Feabhra agus thosaigh Comhordaitheoir an HSE, Edel O'Donnell, ina post i mí an Mhárta. Bhí cruinniú tosaigh ghrúpa stiúrtha an SHC ar siúl an 10 Deireadh Fómhair agus go leor geallsealbhóirí i láthair chun tacú leis an gclár. Bhain SHC garsprioc eile amach nuair a sheol an Taoiseach, Michael Martin, an clár go hoifigiúil an 3 Nollaig le rannpháirtíocht shuntasach ón bpobal áitiúil i Leabharlann Chnoc an Chuilinn. Is é an dara sraith sa chlár ná idirghabháil tríd an údarás áitiúil, le hinfheistíocht €250,000 ón Roinn Sláinte. Méadaíodh an infheistíocht airgeadais go €335,457.50 i gCorcaigh ón múnla seanbhunaithe dea-chleachtais, maoiniú meaitseála ó HSE, SEEP/RAPID, Comhpháirtíocht Spóirt Chorcaí. Thacaigh an infheistíocht seo le 9 dtionscadal a athchóiriú nó a fhorbairt laistigh de Phobail Shláintiúla Sláintecare. Ina measc seo tá athchóiriú 3 sheomra i Halla an Pharóiste, The Glen Awning, The Kabin Creative Space, Gairdíní Pobail & Tionscadail Curtha Plandaí Pobail ar fud an limistéir SHC, St Anthony's Park Site Growing Project, Tinkers Cross Trail & Walkway, Bike Fleet Locker, Boird Leadóige boird faoin Aer. Bhí buiséad ciste SEED €75,000 ag an gClár um Phobail Shláintiúla Sláintecare (SHCP) in 2022 chun tacú le seachadadh an SHCP. Is féidir airgead SEED a úsáid le haghaidh tionscnamh, tionscadal nó taighde i réimse an chláir a shonraíonn an LDO agus an tÚdarás Áitiúil ón Rannpháirtíocht Phobail. Leithdháileadh maoiniú ar na 9 dtionscadal seo a leanas ó bhuiséad maoinithe SEED 2022. Tionscadal píolótach ar bhochtaineacht Bhreosla & Bhia in 2023, Measúnú Tionchair Sláinte do SHC, Comhairliúchán Pobail le haghaidh plean nua LECP, málaí súgartha do ghníomhaireachtaí leanaí laistigh de SHC, Tionscnamh píolótach Uair an chloig saor in aisce de snámha poiblí i SHC, féar saorga don scáthlán sa ghleann, Gairdín Leabharlann Chnoc an Chuilinn, airgead breise don tionscadal feabhsaithe ag an Kabin, plandlann crann a fhorbairt ar an taobh thiar agus thoir den SHC. Bhí deis ag Comhairle Cathrach Chorcaí feasacht a mhéadú ar fud an údaráis áitiúil gur cheart lionsa sláinte a bheith ar an gclár oibre do gach rannóg chun torthaí sláinte a fheabhsú do shaoránaigh agus do phobail agus iad ag dul i ngleic leis na cinntithigh shóisialta ar fud an chur chuige stiúrthóireachta. Eagraíodh agus seachadadh seimineár le Ben Cave an 6 Nollaig. Is speisialtóir idirnáisiúnta i measúnú tionchair sláinte agus sóisialta, sa phleanáil uirbeach, agus i bhforbairt bonneagair é Ben. Chuir sé cás-staidéir i láthair faoin tslí a bhfuil an scóip ag an measúnú tionchair sláinte chun an tsláinte agus daoine a chur i lár oibríochtaí agus i bhforbairt an rialtais áitiúil.

|

Powered by