[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Ceolchoirm Phobail agus Oidhreachta an Ardmhéara Chuir an tArdmhéara fáilte roimh 1000 duine isteach sa halla ceolchoirme Dé Sathairn an 1 Deireadh Fómhair chuig a Ceolchoirm bhliantúil Phobail agus Oidhreachta. Ar stáitse sa cheolchoirm
bhí grúpaí tréithe ceoil pobail dá leithéidí Barrack Street Band, Voices of Cork Choir mar aon leis na hamhránaithe clúiteacha Linda Kenny agus Art Supple, i measc daoine eile. Chuir an imeacht seo siamsaíocht ar fáil do na mílte Corcaíoch ó bunaíodh é in 2010 agus bunaithe ar an aiseolas, braitheadh gurbh é ceann na bliana seo an ceann ab fhearr fós. Toisc go leithdháiltear na ticéid trí Cork Lion's Club agus an tAonad um Chuimsiú Sóisialta de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí ar ghrúpaí imeallaithe, léiríonn sé cuimsiú sóisialta agus rannpháirtíocht pobail a bheith ar siúl sa chathair. I ndlúthpháirtíocht lenár gcairde nuathagtha ón
Úcráin atá ina gcónaí sa chathair anois, ag imeacht na bliana seo freisin bhí mír Amhrán agus Damhsa Dúchais na hÚcráine agus taibhiú le Nina Yelenchuk agus go leor eile ann. Ba é buaicphointe na ceolchoirme an t-amhrán deiridh ‘You’ll Never Walk Alone’ nuair a tháinig na taibheoirí go léir le chéile ar an stáitse agus chan siad in éineacht leis an lucht éisteachta a sheas i ndlúthpháirtíocht leis na hÚcránaigh a bhí sa lucht féachana. Bhí na deora le daoine. Eagraíonn coiste deonach agus an Rannóg um Uilechuimsitheacht Shóisialta de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí an cheolchoirm bhliantúil a dhéanann ceiliúradh ar stair, cultúr agus oidhreacht Chorcaí.
Lá na hAfraice 2022 Eagraíonn Cúnamh Éireann sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i gcomhpháirtíocht le hambasáidí na hAfraice in Éirinn agus údaráis áitiúla Lá na hAfraice, a tharlaíonn Dé Céadaoin an 2 Bealtaine ar fud na tíre.
Lá lán d’imeachtaí, de thaispeántais, de cheol, de dhamhsa agus de scannáin a bhí i Lá na hAfraice 2022. Bhí clár Lá na hAfraice i mbliana ar an gceann ba mhó riamh in Éirinn, agus imeachtaí ar siúl ar fud na tíre. Cuireadh imeachtaí ar siúl i bpearsain arís Lá na hAfraice 2022 den chéad uair ó 2019. Ba é a dheireadh Paráid na mBratach agus lá spraoi teaghlaigh i bPáirc Mhic Gearailt a sheol an Comhairleoir John Maher a bhí ag déanamh ionadaíochta ar an Ardmhéara. An Clr Colm Kelleher.
| 32
Powered by FlippingBook