[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Siúlóid agus Caint le SDG Inbhuanaithe an Pharóiste Theas Mar chuid de sheachtain SDG na nÚdarás Áitiúil, eagraíodh siúlóid agus caint tríd an bParóiste Theas le Malgo, oibrí deonach Pháirc Eoin thar ceann Green Spaces for Health, a léirigh an méid is féidir a dhéanamh chun tacú le fiadhúlra agus leis an inbhuanaitheacht i lár na cathrach. Thug an tsiúlóid cuairt ar Pháirc Eoin
tugadh eolas faoin méid is féidir a dhéanamh chun tacú le fiadhúlra i lár na cathrach, leis na beacha ar dhíon Choláiste FET Chorcaí, le Fálta Sceach, le ceapóga bláthanna don bhithéagsúlacht, le múiríniú, le hóstáin feithidí agus le garraíodóireacht phobail. Thugamar cuairt ar an bplandlann crann, ar cheapóg leighis, ar ghairdín ruaime agus fuaireamar amach cad is 'Wilding’ ann. Thug Malgo eolas faoin slabhra suíomhanna glasa a shíneann ón Loch go Halla na Cathrach agus a chríochnaíonn sa pháircín taobh amuigh de Cork Flower Studio. Trasrian Bogha Báistí 2022
An 22 Iúil seoladh an chéad dá shuiteáil de Trasrian Bogha Báistí ar Shráid Phádraig arna choimisiúnú do Choiste Idirghníomhaireachta LGBTI Chathair Chorcaí agus d’Fhéile Bróid LGBT Chorcaí le tacaíocht ó
Chomhairle Cathrach Chorcaí. Is léiriú é tacaíocht Chomhairle Cathrach Chorcaí don tsuiteáil seo ar phríomhshráid ár gcathrach go dtacaítear le cuimsiú agus le comhionannas. Is teachtaireacht chomhbhá agus fáilte roimh chách é seo ón bPobal LGBTI agus faoinár dtiomantas leanúnach mar Chathair Bogha Báistí. Agus an tSuiteáil á sheoladh aige, dúirt an Leas-Ardmhéara, an Comhairleoir Damian Boylan; “Fáiltím roimh na suiteálacha ildaite agus cuimsitheacha seo a cuireadh le
fearann poiblí na cathrach, is léiriú cumhachtach agus fhorásach ar thacaíocht na Cathrach do Phobail LGBTI+ Chorcaí agus ar an gcomhoibriú leo; mar chomhairle cathrach tá lúcháir orainn go bhfuil dhá Thrasrian Bogha Báistí inár gCathair Bhogha Báistí.” Féile Bróid Chorcaí 2022 I mbliana, chuir Féile Bróid LGBT+ Chorcaí os cionn 35 imeacht ar siúl ar fud Chathair agus Chontae Chorcaí. Thug Cork Pride on Tour blaiseadh de Pharáid Bróid Chorcaí ar fud an chontae in imeacht lae, 200km, agus ina dhiaidh reáchtáladh Lá Spraoi Bróid Chorcaí do Theaghlaigh i bPáirc Mhic Gearailt, ócáid a bhí ní ba mhó ná riamh tar éis sos dhá bhliain mar gheall ar Covid. Reáchtáladh réimse leathan agus éagsúil imeachtaí pobail i rith na seachtaine, agus ba mhó go mór an tinreamh ón ócáid Bhróid Chorcaí in 2019. Ar cheann de phríomh-imeachtaí Bróid Chorcaí i mbliana bhí ár gComhdháil Work with Pride Diversity and Inclusion, arbh í seo an tríú bliain, ach an chéad bhliain i bpearsain. Bhí an imeacht seo ar an imeacht D&I ba mhó riamh in Éirinn agus d’fhreastail breis is 1000 duine air ar líne agus i bpearsain sa Cheoláras i Halla na Cathrach, Corcaigh. Tháispeáin Paráid Bróid Chorcaí brat nua Phobal Bróid Chorcaí den chéad uair, brat atá 75m ar fad agus ar an mbratach Bróid is mó in Éirinn, agus bhí Party at the Port ar an gcóisir ba mhó fós agus Nadine Coyle ó Girls Aloud agus Brooke Scullion ó Eurovision i measc an iliomad bannaí, amhránaithe, DJanna, agus Banríon Draig a ghlac páirt sa seó 5 uair an chloig!
| 33
Powered by FlippingBook