Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Seachtain Feasachta Idirghníomhaireachta LGBTI+ 16 –22 Bealtaine 2022

Ba é téama na bliana seo Our Bodies, Our Lives, Our Rights! Áiríodh leis an gclár seimineár IDAHOBIT agus plé painéil, plé idirnáisiúnta ar dhul i ngleic leis an homafóibe, trasfóibe, agus défóibe, ba é Níos Láidre le Chéile téama an phlé seo le painéal saineolaithe ó Washington agus ó Chorcaigh. Áiríodh leis freisin oíche chultúir sa Triskel agus picnic tuar ceatha sa Pháirc, imeacht lae spraoi don teaghlach. Oíche gan Tine Is gnách go mbíonn Imeachtaí Pobail faoi stiúir na Comhairle ar siúl ar fud Chathair Chorcaí Oíche na dTinte Cnámh, nó Oíche Sin Seáin. Don dara bliain as a chéile, maolaíodh imeachtaí mar gheall ar Threoirlínte Sláinte Poiblí, ach chomhoibrigh an fhoireann Pobail lenár gcomhghleacaithe sna Seirbhísí Óige chun tacú le grúpaí beaga daoine óga ceiliúradh a dhéanamh le sólaistí, ceol beo agus DJ agus cuairt ón Ardmhéara Colm Kelleher. Faoi iamh tá pictiúir ó chuairteanna an Ardmhéara ar an nGleann, ar Fhearann an Rí agus ar Chnoc na hAoine. Táimid ag tnúth leis an ócáid a cheiliúradh faoi stíl an bhliain seo chugainn arís. Mórtas Áite I dtosach mhí Dheireadh Fómhair, thug Moltóirí ó Cooperation Ireland cuairt ar Chorcaigh chun moltóireacht a dhéanamh ar an gComórtas Mórtais Áite. D’ainmnigh an fhoireann Pobail trí ghrúpa a oibríonn ar bhealaí eisceachtúla agus nuálaíocha, dar linn, chun a bpobal a fheabhsú, pé acu pobail spéise nó pobal tíreolaíochta é sin. Ba iad na grúpaí sin logheen Kerry Pike Community Association, Traveller Visibility Group agus Cork Traveller Women’s Network agus Cork Migrant Centre Young Person’s Anti Racism Group. Chuir na grúpaí a gcuid oibre i láthair agus rinne siad ionadaíocht go paiteanta ar a bpobail agus thug siad lón machnaimh do na moltóirí.

| 34

Powered by