[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Seirbhís Dóiteáin Oibríochtaí Dóiteáin Feithicil Sábháilteachta Dóiteáin Pobail In 2022 cheannaigh Briogáid Dóiteáin Chathair Chorcaí Feithicil Sábháilteachta Dóiteáin Pobail. Ba í an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Dhóiteáin agus Pleanáil Éigeandála a mhaoinigh í seo. Beidh ról tábhachtach ag an bhfeithicil seo i bhforbairt ár Straitéise um Shábháilteacht Dóiteáin Phobail. Táthar ag súil go n-úsáidfear an fheithicil seo chun idirghníomhú le go leor codanna den phobal. I measc na n-úsáidí atá beartaithe tá freastal ar imeachtaí pobail, cuairteanna scoile agus ar imeachtaí móra a bhíonn ar siúl sa chathair. Is feithicil idirghníomhach nua-aimseartha í le scáileáin LED agus áis chun cainteanna sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh le grúpaí beaga ar bord. Sheol an tArdmhéara agus Príomhfheidhmeannach í i Halla na Cathrach, Corcaigh I mí Dheireadh Fómhair 2022. Bainistíocht Móréigeandála
Leanann Rannóg Dóiteáin agus Rialú Foirgníochta Chathair Chorcaí ag obair lenár gcomhpháirtithe Idirghníomhaireachta chun an cumas a chothú freagairt le gníomhaireachtaí poiblí agus geallsealbhóirí eile do Mhóréigeandálaí faoin gClár Náisiúnta Móréigeandála.
Rialú Tógála In 2022, lean Rannóg Dóiteáin agus Rialú Foirgníochta Chathair Chorcaí ag cur seirbhís Rialaithe Tógála ar fáil a fhreastalaíonn ar riachtanais an phobail agus Sláinte agus a Sábháilteacht an phobail á gcinntiú. Thug an Rannóg Rialaithe Tógala freagra tráthúil ar ghearáin faoi Struchtúir Chontúirteacha.
| 35
Powered by FlippingBook