Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Dóiteán a Chosc Leanann an Rannóg um Dhóiteán a Chosc den mheasúnú teicniúil ar Theastas Sábháilteachta Dóiteán agus iarratais ghaolmhara ar fhoirgnimh nua, síntí, athruithe agus athruithe úsáide. Rinneadh 225 iarratas a mheas in 2022 a bhain le forbairtí beaga agus móra náisiúnta ar aon. Ina theannta sin, rinneadh 220 cigireacht sábháilteachta dóiteáin ar fhoirgnimh, de bhun gearáin, atreoraithe ónár gcomhghleacaithe ar fud Chomhairle Cathrach Chorcaí nó ar shon cheadúnú bliantúil d’fhoirgnimh thionóil phoiblí. Chuir an rannóg comhairle theicniúil ar fáil chomh maith. Tugadh 70 mír comhairle teicniúla agus bainistithe sábháilteachta dóiteáin i rith na bliana, idir iarratais shimplí ar chúnamh agus athbhreithnithe iomlána ar fhoirgnimh. In 2022 bhí oifigigh na rannóige páirteach freisin im imeachtaí móra amuigh faoin aer a mheas agus a freastal orthu, dá leithéidí ceolchoirmeacha agus cluichí, chuir siad le cóid sábháilteachta dóiteáin a fhorbairt do dhearadh foirgneamh nua, agus bhí siad mar chuid d’iarrachtaí Chomhairle Cathrach Chorcaí cóiríocht a fháil do dhídeanaithe Earcaíocht Oibríochtúil na Seirbhíse Dóiteáin Ba bhliain ghnóthach í 2022 do Bhriogáid Dóiteáin Chathair Chorcaí. Chríochnaigh ár rang earcaithe 2021 a bpromhadh agus bhí a bparáid cháilithe acu i mí Dheireadh Fómhair 2022. Tá na 18 gcomhalta nua seo de Bhriogáid Dóiteáin Chathair Chorcaí ag leanúint lena n-oiliúint agus lena bhforbairt agus fáiltítear roimh dhaoine breise ar an mBriogáid. Tá 5 múchtóir dóiteáin ar promhadh á gcomhshamhlú agus á n-oiliúint agus iad ar dualgas.

| 36

Powered by