[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Spórt & Inbhuanaitheacht Maratón Chathair Chorcaí
I 2022, cuireadh an maratón ar siúl arís i gCathair Chorcaí, agus bhí ról lárnach ag reathaithe an tearmainn chun rás den scoth a reáchtáil. Gach bliain glacann Reathaithe Tearmainn páirt i Maratón Chathair Chorcaí agus in imeacht leath-mharatóin ina sluaite, agus iad ag rith gualainn le gualainn le chéile i ndlúthpháirtíocht, i gcairdeas, agus i gcomhbhá leo siúd atá ag lorg tearmainn ó chogadh, ó bhochtaineacht agus ó ghéarleanúint in éineacht le daoine a rinne a baile d'Éirinn agus iad ag obair, ag déanamh staidéir nó ag taisteal. Beidh rás 10k na bliana seo in imeacht Chorcaí agus táimid ag lorg 10 nduine ó gach pobal, ionad oibre, grúpa cairde, meánscoil agus club spóirt chun páirt a ghlacadh #10do10! www.sanctuaryrunners.ie mar a bhfuil tuilleadh sonraí. Leag foireann eagraithe an mharatóin sceideal cuimsitheach tacaíochta agus comhairle do rannpháirtithe roimh lá an rása sna réimsí oiliúna agus cothaithe. www.corkcitymarathon.ie mar a bhfuil tuilleadh sonraí.
An tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí Is é an tAonad um Sheirbhísí do Chustaiméirí (CSU) an chéad phointe teagmhála do dhaoine a ghlaonn ar Chomhairle Cathrach Chorcaí. In 2022, bhainistigh an CSU beagnach 144,000 glao gutháin ar phríomhlíne theileafóin Chomhairle Cathrach Chorcaí, dhéileáil siad freisin le 6,469 ríomhphost agus os cionn 3,000 aighneacht ar líne trí shuíomh idirlín Chomhairle Cathrach Chorcaí. I mí Mheán Fómhair 2022, seoladh Tairseach Ar Líne d’Ionadaithe Poiblí agus chruthaigh an CSU 398 cás do Chomhaltaí Tofa.
| 37
Powered by FlippingBook