Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

ar an tionscadal athghiniúna is mó sa tír agus beidh an pháirc 70 acra ina héicea-pháirc nua réigiúnach do mhuintir Chorcaí agus do dhaoine níos faide i gcéin. Thug an Taoiseach cuairt ar a chathair dhúchais i Meitheamh 2022 nuair a thug sé aitheasc ag Cruinniú Speisialta de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí. “Is mór an pléisiúr dom teacht ar ais chuig Seomra na Comhairle i Halla na Cathrach chun aitheasc a thabhairt don chruinniú seo de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí, go háirithe tráth seo ina bhfuil athruithe spreagthacha nach bhfacthas a leithéid riamh i ndán do Chathair Chorcaí. Tá dlús ollmhór taobh thiar de Chorcaigh agus tá an obair a dhéanann Comhairle Cathrach Chorcaí ríthábhachtach chun na huaillmhianta atá ag an rialtas do Chorcaigh a bhaint amach agus tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag an rialtas áitiúil i saol an náisiún seo,” a dúirt sé. D’fhoilsigh Comhairle Cathrach Chorcaí a Plean Gnímh um Sheachadadh Tithíochta chomh maith a leagann amach sonraí sholáthar na Comhairle i dtaca le tithíocht shóisialta agus inacmhainne don tréimhse 2022- 2026, rud atá ag teacht leis na spriocanna a leag an Rialtas amach faoina straitéis tithíochta “Tithíocht do Chách”. Léiríonn sé seo go bhfuil soláthar tithíochta chun tosaigh i gcónaí i gcuspóirí Chomhairle Cathrach Chorcaí agus leanfaidh an Chomhairle Cathrach de cheannas a léiriú maidir le breis tithe a sholáthar. Déanann an plean foráil d’oiread agus 5,671 teach sóisialta agus inacmhainne a chur ar fáil ar fud na cathrach idir 2022 agus 2026, de réir na spriocanna a leag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta amach, agus déanfar 3,934 teach sóisialta agus 1,737 teach inacmhainne a chur ar fáil laistigh den tréimhse sin. Mar gheall ar a chuntas teiste i ndáil le tithíocht shóisialta a sholáthar, go háirithe le cúig bliana anuas, tá an Chomhairle Cathrach muiníneach, i gcomhpháirtíocht leis na AHBanna agus an LDA araon, gur féidir an soláthar tithíochta atá beartaithe a sheachadadh le linn shaolré an phlean. Bhí an chomhdháil ‘Pathways to Participation’ -Attracting and Sustaining Women as Leaders in Communities, Politics and Business’ ar siúl sa Cheoláras ag deireadh na bliana. Eagraíodh an chomhdháil thar ceann Cácas na mBan de chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí agus i gcomhar le Women for Election agus thug an chomhdháil aghaidh ar dhúshláin agus ar dheiseanna a bhíonn le sárú ag mná ar fud pobal, na polaitíochta agus an ghnó agus conas cumhacht a athchothromú sna réimsí sin ionas go mbeidh guth níos láidre agus tionchar níos mó ag mná, de gach cúlra. Chualamar príomhóráid ó Mary Crilly, Príomhfheidhmeannach Cork Sexual Violence Centre, ar ar bronnadh Saoirse Chathair Chorcaí 2022 ní ba luaithe i mbliana “as an tsíor-obair a dhéanann sí chun aird a tharraingt ar fhoréigean gnéis, chun plé a spreagadh i measc daoine óga, agus as a cuid oibre le gníomhaireachtaí rialtais, reachtúla agus deonacha chun beartas sóisialta a athrú agus chothú”. Reáchtáladh Searmanas Cuimhneacháin agus Machnaimh i Halla na Cathrach i gCorcaigh ní ba luaithe sa bhliain i mí an Mhárta i gcuimhne orthu-san a cailleadh le linn na paindéime, agus chun ómós a léiriú dóibh siúd a chuidigh leis an gcomhrac in aghaidh an víris. Thug an searmanas deis machnamh a dhéanamh orthu siúd a bhí faoi mhéala an tráth sin agus léirigh sé an méid a rinne gach duine a rinne cion oibre go misniúil agus go fiail sa dá bhliain roimhe sin: na dochtúirí agus na haltraí; na Gardaí; na cúramóirí agus na seirbhísigh phoiblí a chinntigh gur leanadh de na seirbhísí a chur ar fáil sholáthar sa chathair dóibh siúd a bhí ina ngátar. Thug sé aitheantas chomh maith do mheon céanna an mhisnigh agus an neamhleithleachais i measc phobal agus shaoránaigh uile Chorcaí. Má thaispeáin 2022 rud ar bith dúinn, thaispeáin sí dúinn go bhfuil teacht aniar sa chathair seo againne, cathair a dhéanann dul chun cinn nuair a oibrímid le chéile.

Ann Doherty An Príomhfheidhmeannach

| 2 An tArdmhéara An Clr Deirdre Nic Giollarnath

Powered by