Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Gradam Leading Light RSA Ghlac Comhairle Cathrach Chorcaí le gradam Leading Light an RSA i bPáirc an Chrócaigh thar ceann Chumann Tuismitheoirí Scoil Beaumont. Bronnadh an gradam orthu as an dea-obair atá déanta acu ag feabhsú na modhanna inbhuanaithe agus sábháilte do páistí agus iad ag dul chun na scoile. Bhronn an tArdmhéara an gradam ar na scoileanna ansin ag ócáid a reáchtáladh sna scoileanna.

Carnabhal Eolaíochta Chorcaí Mheall Carnabhal Eolaíochta Chorcaí lucht féachana um 25,000 duine chuig Páirc Mhic Gearailt Dé Sathairn an 11 agus Dé Domhnaigh an 12 Meitheamh 2022. Ba é an t-imeacht a d’eagraigh Comhairle Cathrach Chorcaí a mhaoiníonn Fondúireacht Eolaíochta Éireann an t-imeacht rannpháirtíochta eolaíochta lasmuigh is mó sa tír. I measc na ngníomhaíochtaí bhí seónna móra eolaíochta, ceardlanna praiticiúla agus seastáin idirghníomhacha ó bheagnach 50 eagraíocht aonair. Is í Mary Walsh, Oifig Feasachta Comhshaoil, an Rannóg Spóirt agus Inbhuanaitheachta, a eagraíonn an ócáid, le maoiniú ó Fhondúireacht Eolaíochta Éireann.

Clár Bratacha Glasa An Taisce Bronnadh 14 Bratach Ghlasa ar Scoileanna Chathair Chorcaí i mí na Bealtaine 2022 agus bhuaigh 2 scoil Brat Ghlas den chéad uair riamh. Thacaigh Oifigeach Feasachta Comhshaoil Chomhairle Cathrach Chorcaí, Mary Walsh agus Oifigeach Oideachais Lifetime Lab , Una Leader, leis na scoileanna seo.

| 38

Powered by