[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Comórtas Gairdíní Scoile Chorcaí Bhuaigh Gaelscoil na Dúglaise an gairdín scoile is fearr i gCathair Chorcaí i gComórtas Gairdíní Scoile Chorcaí a eagraíonn Cónaidhm Chontae Chorcaí de chuid Muintir ná Tíre i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí. I measc bhuaiteoirí na gcatagóirí eile bhí SBC Naomh Colm Cille Dhúglais (Bithéagsúlacht) agus SN Chnoc na Sú Talún ( Spraoi agus Súgradh). Is deis é an comórtas do pháistí scoile foghlaim faoina gcuid bia féin a fhás, faoi thábhacht na bithéagsúlachta agus taitneamh a bhaint as na buntáistí a bhaineann le dul amach sa dúlra agus lámh a chur san ithir.
Bród sa Phobal Is iad Cónaidhm Chontae Chorcaí de chuid Muintir na Tíre i gcomhar le Comhairle Cathrach Chorcaí agus Comhairle Contae Chorcaí a eagraíonn an “Pride in our Community” gach bliain. Bhronn an tArdmhéara, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth mórdhuais “Pride of Cork City” ar Bhailte Slachtmhara Ghleann Maghair Uachtarach. I measc na mbuaiteoirí eile i gcatagóir na Cathrach ar an oíche bhí Bailte Slachtmhara Bhaile an Chollaigh (Tionscadal is Fearr i gCeantar Uirbeach) agus Gairdín Pobail an Tóchair (Tionscadal Taitneamhachta is Fearr Chathair Chorcaí)
Sports on the Green Is clár gníomhaíochta coirp é Sports on the Green atá dírithe ar roinnt mórbhacainní ar rannpháirtíocht i ngníomhaíocht choirp a chealú. Is éard atá i gceist leis ná seisiúin spóirt saor in aisce a reáchtáiltear ar fhaichí na n-eastát tithíochta áitiúil, ar pháirceanna poiblí agus le clubanna spóirt ar fud na cathrach. In 2022 reáchtáil Sports on the Green ceithre lá as a chéile de ghníomhaíochtaí in 56 ionad ar fud na Cathrach, áit ar ghlac daoine óga páirt i Sacar, Rugbaí, Lúthchleasaíocht & CLG.
| 39
Powered by FlippingBook