Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Fitness with Foróige Reáchtáil Comhairle Cathrach Chorcaí clár dar teideal ‘Fitness with Foróige’ le roinnt grúpaí óige Foróige ar fud Chathair Chorcaí in 2022. Thug na seisiúin seo deis do dhaoine óga triail a bhaint as raon spórt difriúil agus teacht ar bhealaí nua le bheith gníomhach. I measc na seisiún móréilimh bhí Zumba, Ióga agus seisiúin oiliúna pearsanta ar Ionaid Aclaíochta Allamuigh Chomhairle Cathrach Chorcaí.

Gníomhaíochtaí le Daoine Óga na hÚcráine Chuaigh Comhairle Cathrach Chorcaí i gcomhpháirtíocht le Munster Rugby chun Campa Oíche Shamhna a reáchtáil do dhaoine óga ón Úcráin a chónaíonn i suíomhanna grúpa ar fud na cathrach. Bhí daoine óga áitiúla ó ghrúpaí óige i láthair freisin agus b’iontach an deis é don imeascadh agus do dhaoine óga ón Úcráin meascadh le daoine óga eile atá ina gcónaí sa cheantar máguaird. Reáchtáil Comhairle Cathrach Chorcaí raon seisiún spóirt cho mh maith le linn 2022 do dhaoine óga na hÚcráine, ina measc Sacar, Rugbaí, Lúthchleasaíocht, CLG, Zumba, Ióga & ranganna Aclaíochta.

Treodóireacht Reáchtáil Comhairle Cathrach Chorcaí roinnt imeachtaí Treodóireachta i bpáirceanna poiblí ar fud na Cathrach in 2022. Bhí an-tóir ar na himeachtaí seo agus léirigh siad na háiseanna iontacha atá le tairiscint ag ár bpáirceanna.

|

Powered by