Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Bainistíocht Forbartha In 2022 dhírigh an Rannóg um Bainistíocht Forbartha Pleanála (DM) ar phróisis agus nósanna imeachta nua agus nuashonraithe a thabhairt isteach maidir le – Forbairtí Cónaithe ar Mhórscála, coinníollacha comhlíonta ar cheadanna pleanála, Glacadh ar Láimh agus tús a chur le Pleanála nua Comhtháite Gnó a thabhairt isteach. Tarlaíonn na nithe sin sa bhreis ar Fhorbairtí Straitéiseacha Tithíochta (SHDanna) a phleanáil, iarratais phleanála, forfheidhmiú, ionchur san athbhreithniú ar an Scéim do Ranníocaíocht Forbartha, Ligean Gearrthéarmach, agus go leor cinntí reachtúla eile. Tugadh isteach tionscadail phíolótacha dá leithéidí áis ar líne a thabhairt isteach chun aighneachtaí a dhéanamh ar iarratais phleanála d’fhonn tuilleadh feabhais a chur ar sheirbhís do chustaiméirí. Iarratais Réamhphleanála Faoi alt 247 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, féadfaidh duine a bhfuil leas aige/aici i dtalamh agus a bheartaíonn iarratas pleanála a dhéanamh comhairliúchán réamhphleanála a iarraidh. Soláthraíonn sé seo eolas úsáideach don iarratasóir, cuir i gcás an stair phleanála, eolas ar chuspóirí ábhartha an Phlean Forbartha Cathrach agus aon saincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn ag chéim na pleanála. In 2022, rinneadh 188 comhairliúchán réamhphleanála san iomlán. Iarratais Phleanála Ba bhliain ghnóthach eile í 2022 don Rannóg Bainistíochta Forbartha ach a bhfuarthas 911 iarratas pleanála agus ar eisíodh 1,039 cinneadh chuig iarratasóirí. As na cinntí a eisíodh, cinntí deonúcháin a bhí i 60% díobh, iarrataí ar bhreis eolais ba ea 30% agus ba chinntí diúltúcháin iad 10%.

Cinntí 2022

Deonú

311

Diúltú

618

110

Breis Eolais

Áis Nua Ar Líne d’Aighneachtaí Ag deireadh 2022 rinne an Rannóg Bainistíochta Forbartha píolótú ar áis ar líne chun aighneachtaí a dhéanamh i ndáil le hiarratais phleanála. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le cárta dochair nó creidmheasa. Is rogha áisiúil é seo don chustaiméir seachas cuairt a thabhairt ar an gcuntar poiblí nó a n-aighneacht a chur sa phost leis an íocaíocht. Tá an áis ar líne ar fáil ag https://corkcity.submit.com/show/239

| 46

Powered by