[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Comhlíonadh Pleanála De ghnáth bíonn coinníollacha ag gabháil le Ceadanna Pleanála, coinníollacha nach mór cloí leo. Teastaíonn cead roimh ré ón údarás pleanála i gcás roinnt coinníollacha. Seolfaidh an forbróir aighneacht isteach lena cheadú, agus déanann an rannóg ábhartha measúnú air. Rinneadh measúnú ar 580 aighneacht agus dúnadh iad. Iarratais faoi Alt 5 Faoi alt 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, má thagann ceist chun cinn i dtaobh cé acu an forbairt dhíolmhaithe nó nach ea í, is féidir le duine iarratas a dhéanamh chuig an údarás pleanála chun an cheist sin a dhearbhú. Fuarthas 54 iarratas ar dhearbhú alt 5 in 2022. Forbairtí Straitéiseacha Tithíochta (SHDanna) Is iarratais phleanála iad SHDanna d’fhorbairtí tithíochta de níos mó ná 100 aonad cónaithe agus breis is 200 spás leapa do mhic léinn a dhéantar go díreach chuig an mBord Pleanála. Tá ionchur ón údarás pleanála mar chuid lárnach den phróiseas agus bíonn an t-údarás pleanála rannpháirteach sa phróiseas réamhphleanála agus é ag eisiúint tuairime, ag freastal ar an gcruinniú trípháirteach agus ag eisiúint thuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh ar deireadh thiar thall. Blian an-ghnóthach eile ba ea 2020 maidir le hionchur Chomhairle Cathrach Chorcaí i bhForbairtí Tithíochta Straitéiseacha ach a ndearnadh áisitheoireacht do 6 chruinniú réamhphleanála agus do 6 chruinniú thrípháirteacha, ar ullmhaíodh agus ar cuireadh isteach 2 thuairisc Tuairime agus 13 Thuairisc an Phríomhfheidhmeannaigh. Thug an Bord Pleanála cead do na forbairtí straitéiseacha tithíochta seo a leanas in 2022, tar éis do Chomhairle Cathrach Chorcaí Tuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh a ullmhú: - Ainm na Forbartha Sonraí na Forbartha Bóthar na Ceárta Deirge 114 árasán Muileann Hewitt 191 árasán Bóthar Bhéal Átha hÚlla 275 aonad cónaithe (205 teach, 70 árasán) Creamfields 609 aonad cónaithe Móin an Chnapa 143 aonad cónaithe Bóthar na Lárpháirce 190 árasán Oileán Jacob, Baile an Iúir, Machain 489 árasán, creche Cill Barra 319 áitreabh cónaithe Iar-dhíoltóir Gluaisteán Finbarr Galvin 206 spás leapa do mhic léinn
Tá 7 n-iarratas SHD eile ag fanacht ar chinneadh ón mBord Pleanála.
| 47
Powered by FlippingBook