[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Forbairtí Cónaithe Mórscála (LRDanna ) I mí na Nollag 2021, achtaíodh an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) (Forbairtí Cónaithe Mórscála) 2021 agus na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Forbairtí Cónaithe Mórscála) 2021. Tháinig sé seo in ionad an phróisis iarratais a bhí ann roimhe seo um Fhorbairtí Straitéiseacha Tithíochta (SHDanna) a mbíodh an Bord Pleanála ag déileáil leo. Is éard atá i gceist le hiarratais LRD ná iarratais a dhéantar chuig údaráis áitiúil chun 100 teach nó níos mó a fhorbairt, cóiríocht do mhic léinn ina bhfuil breis is 200 spás leapa, nó meascán den dá cheann. Tá 4 chéim sa phróiseas iarratais LRD: Céim 1: Comhairliúchán réamhiarratais Alt 247 Is é cuspóir an chomhairliúcháin réamhiarratais ná deis a thabhairt d’iarratasóirí ionchasacha comhairle a lorg ar aon ábhar pleanála a bhféadfadh baint a bheith aige le cinneadh an iarratais. Tharla 16 comhairliúchán mar sin in 2022. Céim 2: Cruinniú LRD leis an Údarás Pleanála Tar éis d’iarratasóir ionchasach LRD cruinniú alt 247 a chríochnú, iarrann siad ‘cruinniú LRD’. Ceanglaítear ar gach togra LRD tabhairt faoi 'cruinniú LRD' leis an údarás pleanála cuí chun 'tuairim LRD' a fháil. Fuarthas dhá iarratas ar chruinniú in 2022. Céim 3: ‘Tuairim LRD’ a Dhéanamh agus a Eisiúint Tar éis an chruinnithe LRD leis an iarratasóir ionchasach ní mór don údarás pleanála 'Tuairim LRD' a dhéanamh laistigh de 4 seachtaine ó dháta an chomhairliúcháin. Is éard atá i gceist leis seo ná na doiciméid a chuirtear isteach chun críocha an 'chruinniú LRD' a bhreithniú maidir le cibé an bhfuil an togra ina bhonn réasúnach chun iarratas pleanála LRD a dhéanamh. Sa chás gurb é tuairim na Comhairle go bhfuil gá le tuilleadh machnaimh agus leasú, sonraítear na saincheisteanna a gcaithfidh an t-iarratasóir ionchasach aghaidh a thabhairt orthu sna doiciméid atá le cur isteach in éineacht leis an iarratas. Níl an ‘Tuairim LRD’ a eisíonn Údarás Áitiúil bailí ach ar feadh oiread agus 6 mhí. Eisíodh dhá thuairim in 2022. Bhain siad seo le 203 spás leapa do mhic léinn i mBaile an Easpaig agus 128 aonad cónaithe lena n-áirítear creche, foirgneamh pobail agus spás pobail i mBaile an Ghleanna, Gleann Maghair. Céim 4: Iarratas LRD Tá Iarratais LRD faoi réir na gceanglas agus na n-amlínte céanna agus a bhíonn i ngnáthiarratas pleanála faoi alt 34 den Acht. Beidh eolas breise ag teastáil chomh maith. Fuarthas iarratas amháin le haghaidh 205 spás leapa do mhic léinn ag Ascaill Rossa, Baile an Easpaig. Áirítear leis an bhforbairt chomh maith ionad fáiltithe, oifig, seomra pictiúrlainne, seomraí staidéir, tolglanna, seomraí cruinnithe, áit cluichí agus spásanna oscailte i bhfoirm clós lárnach agus dhá ardán dín. Rinneadh cinneadh deonú a dhéanamh le 36 coinníoll ag deireadh mhí Feabhra 2023. Tá an cinneadh seo faoi réir achomhairc chuig an mBord Pleanála. Forfheidhmiú Pleanála Tá údaráis phleanála freagrach as córas forfheidhmithe pleanála na hÉireann a fheidhmiú, faoi Chuid VIII den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000. Ní bhaineann forfheidhmiú pleanála ach le hábhair a bhaineann le
‘forbairt neamhúdaraithe’, ar téarma sonrach sainiúil é a shainítear san Acht. Faoi chóras pleanála na hÉireann is féidir forbairt a dhéanamh go dleathach:
• i gcomhréir le cead pleanála arna dheonú ag údarás pleanála nó ag an mBord Pleanála agus na coinníollacha go léir a bhfuil an cead sin faoina réir, nó
| 48
Powered by FlippingBook