[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Ceadúnas d'Imeachtaí Bliain ghnóthach maidir le Ceadúnais d’Imeachtaí ba ea 2022 agus 12 imeacht ar siú;. D’óstáil Páirc Uí Chaoimh Ed Sheeran (dhá oíche), Elton John agus Westlife (dhá oíche). Chuir Gerry Cinnamon, Picture This, David Gray, The Script, Lewis Capaldi agus Dermot Kennedy, siamsaíocht ar fáil do na sluaite i bPáirc Musgrave. Reáchtáil Cumann Talmhaíochta na Mumhan Seó Samhraidh Chorcaí deireadh seachtaine an 18 & 19 Meitheamh i Seó-Thailte na Mumhan sa Churraichín. Mheall an aimsir mhaith na sluaite móra chuig an imeacht teaghlaigh seo, agus bhí breis agus 30,000 cuairteoir ann ar an Domhnach. Is díol spéise iontach iad na himeachtaí seo do Chathair Chorcaí agus leanann an Rannóg Bainistíochta Forbartha ag obair le tionscnóirí ceolchoirmeacha agus imeachtaí, in éineacht leis an nGarda Síochána, FSS, Seirbhís Dóiteáin Chathair Chorcaí agus
comhlachtaí forordaithe eile, chun imeachtaí breise a cheadúnú.
Cosaint Shibhialta Leagtar amach ról na Cosanta Sibhialta i bPáipéar Bán an Rialtais ar Chosaint 2015. Is é an príomhchuspóir straitéiseach atá aige ná tacú leis na Príomhghníomhaireachtaí Freagartha i gcásanna éagsúla éigeandála agus neamhéigeandála. Thar na blianta úsáideadh oibrithe deonacha na Cosanta Sibhialta i rólanna éagsúla tacaíochta pobail ag an leibhéal áitiúil. Nuair is féidir a leithéid a dhéanamh agus le comhaontú an Údaráis Áitiúil, leanfaidh an Chosaint Shibhialta ag tacú le himeachtaí pobail cuí.
| 50
Powered by FlippingBook