Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Is iad 5 lársheirbhísí na Cosanta Sibhialta: 1. Práinnfhreagairt 2. Cuardach agus tarrtháil 3. Cúnamh Pobail 4. Freagra Leighis 5. Seirbhís Monatóireachta Radaíochta

Le linn 2022, lean Cosaint Shibhialta Chathair Chorcaí ar aghaidh ag tacú leis an bhfreagairt ar Covid19. Agus imeachtaí ag tosú arís tar éis deireadh a chur le srianta, bhí bliain ghnóthach againn le himeachtaí pobail agus spóirt, freagairtí ar ghlaonna faoi dhaoine ar iarraidh agus tuilte sa Chathair. I mí Mheán Fómhair 2022, chuireamar fáilte roimh 12 Oibrí Deonach nua chuig Cosaint Shibhialta Chathair Chorcaí a chríochnaigh a dTraenáil Ionduchtúcháin i mí na Nollag agus a d’fhreastail ar an gcleachtadh oiliúna deireadh bliana.

Fáiltiú leis an An tArd-Mhéara, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth Mar chomhartha ar an obair iontach a rinne Oibrithe Deonacha Chosaint Shibhialta Chathair Chorcaí, d'óstaigh an tArdmhéara, an Clr Deirdre Nic Giollarnáth Fáiltiú Cathartha i Halla na Cathrach. Rinne sí comhghairdeas leis na hOibrithe Deonacha as an obair a rinne siad agus bhronn sí Boinn Fadseirbhíse ar chuid dár mbaill.

I mí na Nollag 2022, d’óstáil an tAire Simon Coveney an Chosaint Shibhialta ag fáiltiú i bPáirc an Chrócaigh chun boinn a bhronnadh ar ghrúpa ionadaíoch oibrithe deonacha ó gach contae a thacaigh leis an bhfreagairt ar Phaindéim Covid 19.

| 51

Powered by