[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Ailtir í na Cathrach In 2022 lean Rannóg na nAiltirí Cathrach de thacú le hobair na comhairle ar fud na ranna le Treoracha Slí, tuarascálacha Pleanála, seachadadh Tithíochta, Bonneagar i Sráid Dhúghlais, agus go leor idirghabhálacha eile. Ar cheann de na príomhspriocanna inghnóthaithe do 2022 bhí Elizabeth Fort mar scéim spáis phoiblí allamuigh. Réamhrá & Cúlra an Tionscadail Mhaoinigh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán tionscadal Dhún Eilíse tríd an Scéim um Spásanna Poiblí Allamuigh, agus Comhairle Cathrach Chorcaí. Mar fhreagairt ar Phaindéim Covid iarradh go ndéanfaí feabhsúcháin ar spás poiblí reatha a d’fhéadfadh áisitheoireacht a dhéanamh freisin d’imeachtaí ealaíon agus cultúir lasmuigh. Réiteach Dearaidh Roghnaíodh Dún Eilíse, daingean cloiche ón 17 ú hAois don scéim. Is Séadchomhartha Náisiúnta agus Struchtúr Cosanta é an Dún. Ba é an príomhdhúshlán ná an spás amuigh a oiriúnú agus a fheabhsú mar ionad ealaíon agus cultúir gan cur isteach ar a úsáid reatha mar ábhar spéise do chuairteoirí agus mar shócmhainn oidhreachta. • Bhí gá le cur chuige íogair lenar cuireadh stáitse fráma adhmaid isteach go cúramach faoi urdhún Thoir Thuaidh an Dúin. • Dearadh clúdach uiscedhíonach inbhainte chun freastal ar léirithe ar feadh na bliana. • Cuireadh gairbhéal órga féin-dhlúthúcháin in ionad na 'láthrach paráide' tarmac/coincréite a nach raibh cuma rómhaith air, agus maisíodh é bloic phábhála agus cainéil mhiasacha d’aolchloch Chill Chainnigh. • Suiteáladh suíocháin iarfheistithe adhmaid ar imlíne an phríomhspáis phoiblí. • Cuireadh isteach bealach eile éalaithe ar chúl an Dúin trí bhealach amach a bhí ann cheana féin ach a dúnadh le brící ar mhaithe le lucht féachana níos mó. Dearadh Uilíoch • Bhí spás na 'láthrach paráide' 1500m cearnach a bhí ann i ndroch-chaoi ó thaobh cuma de agus ó thaobh inrochtaineachta de. D'fheabhsaigh an dromchla nua gairbhéil órga mhín féin-dhlúthúcháin a oireann do chathaoireacha rothaí an áit go mór, idir chuma agus inrochtain. • Maisíodh an láthair paráide le bloic phábhála agus cainéil mhiasacha aolchloiche Chill Chainnigh a fheabhsaíonn an príomhbhealach ó chlós isteach an Dúin go dtí iarbheairic an Gharda Síochána. Is mór an cúnamh é an chodarsnacht amhairc idir na bloic aolchloiche agus an gairbhéal órga na daoine lag-amhairc freisin. • Cuireadh suíocháin adhmaid aoisbháúil iarfheistithe isteach ar imlíne na láthrach paráide. • Is féidir teach ar struchtúr an stáitse féin via céimeanna ata ag teacht le Cuid M agus via fánán atá a oireann do chathaoireacha rothaí ón limistéar ar chúl an stáitse, rud a chinntíonn rochtain do chách agus gur féidir le gach oirfideach é a úsáid. • Cuireadh bealach eile éalaithe ailtéarnach atá oiriúnach do chathaoir rothaí isteach ar chúl an Dúin freisin.
| 54
Powered by FlippingBook