[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Forbairt Bonneagair Scéim Feabhsúcháin Ghlasbhealach an Phasáiste - Céim 1
Thug Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ón Údarás Náisiúnta Iompair, faoi mhóroibreacha feabhsúcháin ar Ghlasbhealach an Phasáiste nó na Carraige Duibhe ón N40 ag Machain go dtí an Muiríne laistigh de na dugthailte. Is é an aidhm atá ann ná tionscadail bealach iompair agus áineasa ar ardchaighdeán atá tarraingteach a sholáthar agus conair bheo chomhshaoil a chruthú agus tacú léi mar aon le díol spéis a chur
ar fáil go rialta. Áirítear ar phríomhbhuntáistí na scéime: - • An glasbhealach a leathnú ó 3m go 5m ar leithead.
• Fánáin rochtana nua agus fheabhsaithe chun rochtain a éascú do chónaitheoirí máguaird. • Cuireadh ar ais droichead coisithe iarnróid Bhóthar na Dúcharraige, ach úsáid a bhaint as na tacaí stairiúla, fáináin agus ardáin iarnróid atá ann cheana féin. • Tá na droichid, na struchtúir stairiúla agus na gnéithe atá ann ar feadh an bhealaigh á ndeisiú agus á nglanadh. • Cuireadh soilsiú poiblí atá íogair ó thaobh na timpeallachta de ar fáil ar feadh an ghlasbhealaigh ar fad mar aon le CCTV. • Rinneadh oibreacha tírdhreachaithe bhoig, measc crainn, toir agus bláthanna fiáine de speicis dhúchasacha a chothaíonn pailneoirí. • Cuirfear isteach boscaí beach, éan agus ialtóg chun fauna dúchasach a mhealladh chun an ghlasbhealaigh. • Cuireadh áit súgartha do leanaí isteach chun an glasbhealach a nascadh le Páirc an Mhuiríne amach anseo.
Cuireadh tús leis na hoibreacha ag deireadh 2020 agus táthar lena gcríochnú i mí na Samhna 2022.
| 56
Powered by FlippingBook