Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Scéim Faoisimh Tuilte Dhúglais (lena n-áirítear lintéar an Tóchair) Is éard atá i Scéim Faoisimh Tuilte Dúglas (lena n-áirítear gáitear an Tóchair) oibreacha faoisimh tuilte i gceantair Dhúglais agus an Tóchair araon.

Bhí obair i gcúig cheantar i gceist le conradh oibre Dhúghlais: Muilleann Pádraig, Páirc Phobail na Dúghlaise, Ravensdale, Coillte an Bhaile Bhric, agus suas an abhainn ó Ionad Tráchtála Dhomhnach Broc. San áireamh san obair tá ballaí agus claífoirt nua cosanta tuilte a thógáil, droichid reatha a atógáil, gáitéir nua choincréite treisithe, atreorú draenála agus fóntas, athghrádú bóthair, tírdhreachtú bog agus crua ar feadh Bhóthar na hEaglaise agus trí Pháirc Phobail Dhúglais. Ward & O’Shea Ltd. a rinne an conradh seo agus críochnaíodh an chuid ba mhó de i mí Márta 2021.

Oibreacha Príomhgháitéar an Tóchair agus Feabhsuithe ar an bhFearann Poiblí Roinneadh oibreacha an Tóchair ina dhá gconradh, Conradh Atreoruithe Seirbhísí an Tóchair agus Conradh Príomhoibreacha an Tóchair.

Ba é Conradh Atreoruithe Seirbhísí an pacáiste oibreacha áisiúcháin lena ndearnadh an obair ar feadh bhóthar an Tóchair ar mhaithe le gáitear faoin mbóthar a uasghrádú. San áireamh ann bhí príomhlíonra uisce 600mm ar leithead, séarach bréan, mion-phríomhlíonra uisce, líonraí difriúla teileachumarsáide agus gáis a atreorú, mar aon leis an draenáil bóthair atá ann faoi láthair a leasú. Ward & Burke Construction Ltd. a rinne an conradh seo agus críochnaíodh é i mí Lúnasa 2020.

| 57

Powered by