[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Plean 7 Spriocanna Corpar á ideacha Tá uaillmhianta ollmhóra ag Tionscadal an Chreata Pleanála Náisiúnta, Éire 2040 do Chorcaigh. Is léiriú ár bPlean Corparáideach ar na huaillmhianta sin maidir le cathair dhomhanda inbhuanaithe don todhchaí a dhéanamh de Chathair Chorcaí. Is treoirphlean é an Plean Corparáideach 2020-2024 lena chinntiú go ndéantar ár dtosaíochtaí agus ár n-oibleagáidí rialála a sheachadadh, go gcomhlíontar spriocanna seirbhíse agus go bhfeabhsaítear seachadadh seirbhíse de shíor. Léiríonn ár gcuspóirí ardleibhéil agus ár gcuspóirí straitéiseacha an aidhm sin ach Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Domhanda na Náisiún Aontaithe a thabhairt san áireamh, rud a aithníonn tábhacht straitéiseach Chlár Oibre 2030 um Fhorbairt Inbhuanaithe agus an cur chuige comhtháite ilghníomhaireachta chun ár bhfís a bhaint amach, is é sin Corcaigh á Stiúradh go mbainfidh sí Stádas Cathrach Domhanda den Chéad Scoth amach. 6 Sprioc Ardleibhéil Cathair Inbhuanaithe ó thaobh Timpeallachta de Táimid meáite ar fhreagairt agus ar ghníomhú go straitéiseach i ndáil le tionchar an athraithe aeráide ar mhaithe leis an timpeallacht agus le bonneagar Chathair Chorcaí. Beimid ar thús cadhnaíochta maidir le rannpháirtíocht réamhghníomhach agus saoránaigh a chumasú ionas gur féidir leis an gcathair a bheith chomh seasmhach agus is féidir agus ag an am ceanna an timpeallacht seo againne a chosaint agus a shaibhriú ar mhaithe le folláine agus caighdeán níos fearr saoil do chách. Cathair ag a bhfuil Meas ar a Muintir Tallann, nuálaíocht agus pobail ag teacht le chéile chun tacú lenár gcathair bhríomhar bheoga. Spreagaimid spiorad a spreagann smaointeoireacht agus tuairimí nua. Cabhraíonn ár seirbhísigh phoiblí, ár bpobail, ár gcuairteoirí agus ár n-áitritheoirí linn an fhís agus an éagsúlacht atá inár gcathair a bhaint amach. Beimid ceannasach maidir le cur chuige rannpháirtíoch, comhairleach agus nuálach a úsáid agus cinntí á ndéanamh. Cathair a chothaíonn cultúr, oidhreacht, foghlaim, sláinte 7 folláine. Is cathair pobal, comhpháirtíochtaí agus líonraí í Corcaigh. Is cathair Shláintiúil í Corcaigh de réir na hEagraíochta Sláinte Domhanda; is cathair Foghlama UNESCO í agus is cathair fháilteah í ag a bhfuil oidhreacht shaibhir de bhun a muintire agus a staire. Leanaimid orainn ag cruthú agus ag feabhsú ár dtimpeallachtaí, ag cur le ’ hacmhainní pobail chun a chur ar chumas daoine tacú lena chéile agus a lánleas a bhaint amach. Cathair Comharsanachtaí agus Pobail Rannpháirteacha. Is cathair faoi leith sinn sa mhéid gur limistéar cathrach atá ag teacht chun cinn sinn ina bhfuil lár cathrach, bailte satailíte, sráidbhailte, comharsanachtaí agus pobail a bhfuil a n-eispéiris agus a gcultúr féin acu. Cothaíonn an chathair nua seo againne na seancheantair agus na traidisiúin is bonn le cultúr éagsúil Chorcaí, cultúr atá áitiúil ach a aithnítear go hidirnáisiúnta. Tá breis is 500 grúpa pobail i gcathair Chorcaí. Cabhraíonn ár gcaidrimh linn oibriú le chéile chun cathair a chruthú atá intaistealta, inacmhainne, uilechuimsitheach, sábháilte agus rannpháirteach. Cathair a thacaíonn le tithe agus bonneagar a chur ar fáil. Is gné ríthábhachtach bonneagair shóisialta agus gheilleagraigh í an tithíocht i gcathair bheo. Bhain dúshláin fhollasacha maidir le tithe a sholáthar leis an mbliain 2021. Leanfaimid orainn ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin chun soláthar cóiríochta inbhuanaithe a chur ar fáil agus a éascú do gach saoránach agus cuairteoir. D'fhonn an fás leanúnach seo a chothú, tá Comhairle Cathrach Chorcaí meáite ar chórais inbhuanaithe bhainistíochta tráchta agus bonneagair bóithre a chur ar fáil. Cathair a Chothaíonn an Fhorbairt Gheilleagrach agus Inbhuanaithe. Meastar go mbeidh Corcaigh ar cheann de na cathracha is mó fás in Éirinn agus méadú tuartha 50-60% ar an daonra faoi 2040. Táimid ag obair lenár ngeallsealbhóirí san earnáil phríobháideach agus phoiblí chun poist a chruthú, nach bhfuil ann do chuid acu fós. Táimid i mbun nuálaíochta ionas go mbeimid ábhartha fós agus ag obair lenár gcomhpháirtithe go háitiúil agus go hidirnáisiúnta sa saol acadúil, leis an IDA, le Fiontraíocht
| 4
Powered by FlippingBook