[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Áirítear ar phríomhbhuntáistí na scéime: -
• Réitigh taistil ní na ghníomhaí a sholáthar mar mhalairt ar spleáchas ar fheithiclí, amhail siúl, rothaíocht agus iompar poiblí. • Rochtain níos sábháilte do choisithe ó Shráidbhaile Dhúglais go Páirc na Sailí, Scoil Phobail Dhúglais, Gaelscoil Dhúglais agus Páirc Ghleann na Trá Móire ach trasrianta rialaithe a sholáthar ar gach bealach isteach chuig Bóthar Dhúghlais Theas. • Raon rothar leithscartha ó thuaidh a chur ar fáil faoin N40 a nascann leis an lána rothaíochta ó thuaidh ar Bhóthar Dhúglais Theas. • Raon rothar scartha 2-bhealach ardaithe a sholáthar go Ghaelscoil Dhúglais agus páirceáil rothar san áireamh ag deireadh an raoin rothar. • Soláthraíonn an t-acomhal nua le soilse tráchta rialú tráchta níos fearr, mar go bhfuil na soilse tráchta nua nasctha agus sioncronaithe le córas comharthaí tráchta reatha Bhaile Dhúglais. Ina theannta sin, tugann an t-uasghrádú go hacomhail soilse tráchta tús áite do thrácht a thagann den fhánán Acomhal 7 Dúglais Thiar an N40, agus ar an tslí sin seachnaítear tranglam tráchta agus laghtaítear an baol go mbuaifí feithiclí ón gcúl ar phríomhlíne an N40.
Cuireadh tús leis na hoibreacha i Feabhra 2022 agus bhí siad nach mór críochnaithe faoi Iúil 2022.
Scéim Athnuachana an N20 (Cé Lavitt go Páirc Ghnó WestLink) Thug Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ó Bhonneagar Iompair Éireann, faoi oibreacha athnuachana cosáin ar Bhóthar na gCoimíní N20 agus ar Sheachbhóthar na Linne Duibhe. Baineann Scéim an N20 le huasghrádú chosán an bhóthair ó Ché Lavitt go Páirc Ghnó Westlink. Tá an cosán athnuaite 2.6km ar fad. Áirítear air acomhail mhóra mar an Cuarbhóthar Thuaidh, Bóthar Popham/Ionad Siopadóireachta na Linne Duibhe, agus Acomhail Ché Lavitt. Tá dhá lána sa dá threo ag an mbóthar den chuid is mó mar aon le roinnt lánaí casta ag acomhail. Is é an N20 an príomhbhóthar a nascann Lár Chathair Chorcaí le Bóthar Luimnigh. Cur síos ar Bhuntáistí an Tionscadail Is é cuspóir na scéime feabhsúcháin bóthair seo ná an cosán a fheabhsú, dul i ngleic le claiseanna agus an fhriotaíocht sciorrtha a mhéadú. Tugadh faoi oibreacha gaolmhara dá leithéidí obair iarainn (clúdaigh dúnphoill agus gáitéir) a athshocrú agus an líneáil reatha an bhóthair a athnuachan chomh maith le deisiúcháin áitiúla cosáin. Cuireadh tús leis an obair i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus bhí an chuid ba mhó di críochnaithe faoi Mí na Nollag 2022.
| 59
Powered by FlippingBook