Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Scéim Idirghabhála Sábháilteachta Coisithe 2020 – Conradh 2 Chuir Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ón Údarás Náisiúnta Iompair, idirghabhálacha agus uasghrádú sábháilteachta do choisithe ar fáil ag roinnt áiteanna ar fud na cathrach. Tugadh an obair chun críche in 2022 sna suíomhanna seo a leanas: • Alderbrook • Bóthar Popham • Bóthar Naomh Pádraig Is iad seo a leanas príomhghnéithe na scéime: • Cosáin nua, uasghrádaithe agus leathnaithe. • Trasrianta coisithe nua rialaithe agus neamhrialaithe ina measc clár ardaithe agus trasrianta le soilse. • Soilsiú poiblí a uasghrádú. • Marcálacha agus comharthaíocht nua bóthair. Is iad cuspóirí na scéime: • nascacht do choisithe a fheabhsú idir lonnaíochtaí, moil fostaíochta, áiseanna oideachais , agus seirbhísí iompair phoiblí. • Sábháilteacht a fheabhsú d’úsáideoirí leochaileacha bóthair agus rioscaí sábháilteachta bóthair a laghdú. • Áiseanna a sholáthar a spreagfaidh comaitéirí, mic léinn agus áitritheoirí siúl i ngach ceantar mar mhalairt ar thurais charr-bhunaithe ar thurais ghearra. Cuireadh tús leis na scéimeanna ag deireadh 2021 cuireadh críoch leo in 2022.

| 60

Powered by