Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Cosáin Pháirc Ghleann na Trá Shuiteáil Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ón Údarás Náisiúnta Iompair, dromchla nua cosáin ar 2.5km de shiúlán/rotharbhealaí laistigh de Pháirc Ghleann na Trá Móire. Áiríodh leis an obair uasghrádú, leathnú agus dromchla ar bhealaí reatha agus nua tríd an bpáirc agus timpeall uirthi. Áiríodh leis an obair chomh maith acomhal nua cláir ardaithe nua, 4 áit pháirceála nua do dhaoine faoi mhíchumas agus dromchla nua a sholáthar ar an mbealach isteach sa charrchlós. Áirítear ar phríomhbhuntáistí na scéime: - Bealaí sábháilte áisiúla a chur ar fáil do choisithe agus do rothair timpeall agus tríd an bpáirc reatha. Córais draenála nua a sholáthar lena chinntiú gur féidir dul ar na bealaí nua do choisithe/rothair i ngach aimsir. Líon teoranta spásanna páirceála a chur ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas chun inrochtaineacht fheabhsaithe a éascú. Bealach taistil gníomhach comhtháite a sholáthar a nascann an Ghráinseach le Lár na Cathrach tríd an droichead nua trasna an N40, tríd an bpáirc agus isteach i Lár na Cathrach. Bearta tírdhreachaithe boige a sholáthar. Cuireadh tús leis an obair i lár 2022 agus bhí an chuid ba mhó di críochnaithe faoi Mí na Nollag 2022.

| 61

Powered by