Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Tionscadail Droichid Chríochnaigh Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, oibreacha deisiúcháin agus athshlánúcháin ar na 4 dhroichead seo a leanas:

Droichead Wyse, Droichead Bhóthar na Claise, Droichead Chnoc Myrtle agus Droichead na gCeithre Mhíle

Scéim Feabhsúcháin Mear-Imscartha do Choisithe 2022 Thug Comhairle Cathrach Chorcaí, le maoiniú ón Údarás Náisiúnta Iompair, faoi áiseanna nua agus feabhsaithe do choisithe a thógáil lena n-áirítear cosáin , trasrianta agus áiseanna nua gaolmhara ag 15 láthair in Iardheisceart na Cathrach atá dírithe ar rannpháirtíocht níos mó i dtaisteal gníomhach a spreagadh. Bhí 15 shuíomh sa tionscadal. Is éard a bhí ann ná 2.5km de shiúláin, 2 scagair módúla a uasghrádú, mionathruithe ar 12 acomhal, 24 trasbhealach nua neamhrialaithe a thógáil, 23 crann nua a chur, bearta tírdhreachtaithe boige eile, córais nua fóntais agus draenála, soilsiú nua poiblí a dhearadh agus a thógáil agus oibreacha gaolmhara. Áirítear ar phríomhbhuntáistí na scéime: - • Saoráidí sábháilte áisiúla do choisithe a sholáthar feadh roghalínte reatha. • Leasuithe ar 12 acomhal atá dírithe ar luas feithiclí a laghdú agus mar sin sábháilteacht a fheabhsú. • 24 áis trasnaithe bóthair sábháilte a chur ar fáil • Crainn a chur agus tírdhreachtú boa dhéanamh Soilsiú poiblí atá íogair don chomhshaol a sholáthar Cuireadh tús leis an obair i lár 2022 agus bhí an chuid ba mhó di críochnaithe faoi Mí na Nollag 2022.

| 62

Powered by