Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Forbairt Straitéiseach Gheilleagrach Dugthailte Chorcaí

Tá Tábhacht Straitéiseach Náisiúnta ag baint leis an athfhorbairt atá beartaithe ag Dugthailte Chorcaí. Chruthaigh tiomantas an Rialtais, a bheith san aireamh sa Phlean Forbartha Náisiúnta agus leithdháileadh níos mó ná €350m faoin gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Uirbeach (URDF) deis eisceachtúil chun fís na nDugthailte a bhaint amach. Is é an chéad tionscadal a sholáthrófar faoin URDF ná Páirc na Muiríne - Céim 2, a fuair cead pleanála i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus atá le tógáil i Samhradh 2023. De bhun Phlean Forbartha Chathair Chorcaí, cuireadh tús in 2022 le hobair ar an gcreat-mháistirphlean do Dhugthailte Chorcaí chun forbairt agus cur i bhfeidhm an bhonneagair chumasúcháin straitéisigh a threorú. Ceapadh foireann ildisciplíneach, idirnáisiúnta de chomhairleoirí faoi stiúir Hawkins Brown chun an dearadh a stiúradh. Trian Shráid an Chapaill Bhuí Baineann an tionscadal seo le hathnuachan a dhéanamh ar shuíomh mór athfhorbraíochta i gcroílár na cathrach a bhfuil an deis ann cur le beogacht agus gníomhaíocht gheilleagrach ach Leabharlann Cathrach nua a fhorbairt in ionad na leabharlainne atá ann faoi láthair mar aon le 36,300m 2 d’aonaid chónaithe agus tráchtála úsáide measctha agus moltaí chun mol cruthaitheach / cultúir de chuid COC agus cartlann RTÉ a bheith san áireamh. Tá oibreacha suntasacha san fhearann poiblí beartaithe don trian, ráithe lena n-áirítear athfhorbairt ar Pháirc an Easpaig Lucey. Eisíodh an próiseas tairisceana tógála don Pháirc agus don Fhearann Poiblí araon. Tá sé beartaithe chomh maith dhá dhroichead coisithe/rothaíochta go láthair an ionaid imeachtaí bheartaithe a thógáil. Scéim na mBailte agus na Sráidbhailte In 2022, chuir an Scéim móroibreacha feabhsúcháin ar fáil d’Ionad Pobail Ghleann Maghair Uachtarach agus suiteáladh cruinneachán geodasach, atá á úsáid go hiomlán anois ag an bpobal áitiúil agus ag an Scoil Náisiúnta. Rinneadh measúnú sa Bhlarna agus cuireadh comharthaíocht nua isteach. In 2022, fuair Comhairle Cathrach Chorcaí maoiniú freisin le haghaidh comharthaíochta agus tírdhreachtaithe sna Cillíní agus staidéar féidearthachta chun mol fiontar pobail a bhunú i nGleann Maghair. Bratach Chorcra – Lár Chathair Chorcaí Féachann measúnú na Brataí Corcra ar thairiscint/tharraingteacht an cheantair san oíche, ar shábháilteacht, ar éascaíocht gluaiseachta, ar ghlaineacht agus ar chomhoibriú i measc páirtithe leasmhara. I samhradh na bliana 2022, thug measúnóir seachtrach cuairt ar lár Chathair Chorcaí chun measúnú Brataí Corcra a dhéanamh. Bronnadh an creidiúnú idirnáisiúnta seo, a ainmníonn Association of Cities and Towns Management (ACTM), ar Lár Chathair Chorcaí agus aithníonn sé réimsí an tsármhaitheasa sa gheilleagar oíche. Is aitheantas cuí é an gradam ar obair chomhoibríoch na ngnólachtaí, in éineacht le príomhpháirtithe leasmhara dá leithéidí man Gharda Síochána, Chomhairle Cathrach Chorcaí, Chumann Lucht Tráchtála Chorcaí agus Chumann Gnó Chorcaí chun feabhas leanúnach a chur ar an eispéireas oíche i gCathair Chorcaí. Plean Gnímh um Athbheochan Lár Chathair Chorcaí In 2022 ghlac Comhairle Cathrach Chorcaí le Plean Gnímh um Athbheochan Lár Chathair Chorcaí a leagann amach cúrsa d’úsáid talún agus don fhorbairt gheilleagrach i lár chathair Chorcaí. Cuirfear leis an obair agus an dul chun cinn a baineadh amach i lár chathair Chorcaí ó foilsíodh an chéad Straitéis do Lár na Cathrach in 2014. Ó 2014 i leith tá athrú tagtha ar threo an bheartais náisiúnta agus réigiúnaigh leis an gCreat Náisiúnta Pleanála agus an Straitéis Réigiúnach Spáis agus Eacnamaíochta a thugann tosaíocht do lárionaid uirbeacha na hÉireann a dhlúthfhás, chun cathracha tarraingteacha a chruthú inar féidir dul ag obair.

| 63

Powered by