Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Athrú Aeráide - Misean an AE i ndáil le 100 Cathair Aeráid-Neodrach & Chliste a bhaint amach In 2022, ba iad Corcaigh agus Baile Átha Cliath na hiarratasóirí Éireannacha ar éirigh leo i bpróiseas an- iomaíoch chun páirt a ghlacadh sa tionscnamh suntasach seo chun ár n-aistear i dtreo neodrachta aeráide a bhrostú. Tá 3 ghné dár rannpháirtíocht i Misean na gCathracha: is é sin Plean Gnímh ar son na hAeráide, Plean Infheistíochta agus Conradh um Chathair Aeráide. Tá dualgas reachtúil ar Chomhairle Cathrach Chorcaí Plean Gnímh ar son na hAeráide an Údaráis Áitiúil (LACAP) a chur le chéile, mar a éilítear faoin Acht um Gníomhú Aeráide agus Forbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021. Mar sin, tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag cur Plean Gnímh ar son na hAeráide de chuid Chathair Chorcaí le chéile chun freastal ar riachtanais an LACAP agus Mhisean an AE araon. Is tionscadal taighde agus nuálaíochta a mhaoiníonn ag Fís 2020 é REACHOUT a bhfuil Comhairle Cathrach Chorcaí agus MaREI (UCC) ina rannpháirtithe ann. Cuireann uirlisí Seirbhíse Aeráide sonraí agus eolas ó thaighde eolaíoch in iúl d’úsáideoirí deiridh (lucht déanta beartas, gníomhaithe na sochaí sibhialta, saoránaigh) ar bhealach inrochtana agus i bhformáid atá éasca a úsáid. In 2021, chuaigh Comhairle Cathrach Chorcaí agus Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chathair Chorcaí (PPN) i dteagmháil le Fóram Comhshaoil Chorcaí (CEF) chun Clár Píolótach Gnímh Phobail ar son na hAeráide a sheachadadh. I rith Fhómhar 2021 agus Earrach 2022, d’oibrigh CEF le roinnt pobal ar fud na cathrach chun Pleananna áitiúla Gnímh Phobail ar son na hAeráide a fhorbairt. Bunaíodh 10 ngrúpa trasna teorainn riaracháin na Comhairle Cathrach. Bhí ballraíocht na 10 ngrúpa éagsúil idir chlubanna spóirt agus Bhailte Slachtmhara agus roinnt daoine aonair neamhchleamhnaithe. Gnóthaí AE Tugadh chun críche an tionscadal Cult-CreaTE, chun deiseanna a fhorbairt do thionscail chultúir agus chruthaitheacha (CCI) laistigh de shainréimse na turasóireachta, i bhFómhar 2022 tar éis deiseanna d’oidhreacht áitiúil bhuan a chur i bhfeidhm. Bhí gné Chorcaí dírithe ar cheithre eagraíocht áitiúla ealaín, dearaidh agus ceardaíochta a chumasú agus a chumhachtú – Cork Craft & Design, Benchspace, Sample Studios agus Shandon Art Studio. Ceapadh sraith gníomhartha chun torthaí a bhaint amach a sholáthróidh bonn le haghaidh comhshochair fhadtéarmacha i dtéarmaí earnáil a chuirfidh ar chumas déantóirí agus cruthaitheoirí a bhíonn scartha amach uaireanta agus a ndéantar dearmad orthu – daoine aonair go leor acu – ní hamháin fócas nua ar thurasóireacht a scrúdú mar mhodh chun éagsúlú a dhéanamh ar a dtairiscint, ach labhairt agus gníomhú le guth níos aontaithe, chun a n-infheictheacht a fheabhsú agus tuiscint níos leithne a chothú ar a dtionchar eacnamaíoch féideartha. Bunaithe ar eiseamláir Dùn Deagh, comhchruthaíodh agus seachadadh clár áitiúil tacaíochta brandála agus margaíochta in Earrach 2022. I ndeireadh na dála chruthaith sé seo féiniúlacht scáthbhraisle an phobail a d’fhéadfaí a ailíniú le – STAMP – bunaithe ar an gcoincheap ‘Corcaigh ag cumhachtú na cruthaitheachta … an chuthaitheacht ag cumhachtú Chorcaí’’ ionas gur féidir leis an earnáil a rian a fhágáil i gceart ar an gcathair. Roinneadh é seo go poiblí den chéad uair i mí na Bealtaine le féile deireadh seachtaine ‘pop-up’ lena raibh 55 imeacht 'foghlaim ó dhéanamh'’ ar siúl in 11 ionad sa chathair. Tugadh tionscadal an-rathúil FOSO POCO chun críche freisin in 2022 nuair a foilsíodh tuarascáil deiridh, a thug achoimre ar na dúshláin agus na deiseanna atá ann don earnáil fiontraíochta sóisialta i gCorcaigh. Is spás nuálach é seo a bhfuil an Chomhairle Cathrach rannpháirteach go gníomhach anois ann, spás a mbeidh deiseanna iontacha ann don todhchaí.

| 65

Powered by