Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Leanadh ar aghaidh le hobair in 2022 ar chóras nua comharthaíochta bealaigh do Chathair Chorcaí. Le maoiniú ón NTA, Fáilte Éireann agus Comhairle Cathrach Chorcaí cuirfear an chomharthaíocht nua isteach in 2023. Leanann an Rannóg Turasóireachta de bheith ag tacú le 16 bhoth leictreonacha eolais do thurasóirí atá suite ag láithreacha straitéiseacha ar fud na cathrach (an t-aerfort, stáisiún na traenach agus na mbus, óstáin srl). Taispeánann na bothanna an chathair do chuairteoirí mar cheann scríbe bríomhar tarraingteach agus cuirtear sonraí ar fáil faoi bhialanna, imeachtaí, ceol beo, taispeántais etc. De bhun na clú atá ar Chorcaigh maidir le bia, fáilteachas agus bialanna ar ardchaighdeán, agus a háiseanna nua itheacháin lasmuigh, chuir Comhairle Cathrach Chorcaí féile phíolótach nua bia ar siúl i mí Lúnasa 2022. Bhí an fhéile Cork On A Fork ar siúl an 17 – 21 Lúnasa. Ba é aidhm na féile tríd is tríd béim a chur ar Chorcaigh mar phríomhcheann scríbe bia na hÉireann agus go háirithe ceiliúradh a dhéanamh ar na heispéiris chócaireachta ardchaighdeáin atá ar fáil sa Chathair.

Margadh Ime an tSeandúin Tá Recreate Shandon Clg, i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach Chorcaí mar chomhpháirtithe agus úinéirí Mhargadh Im an tSeandúin, ag pleanáil athchóiriú agus athshlánú Mhargadh Ime an tSeandúin go ndéanfaí Mol Nuálaíochta agus Spás Pobail do Chathair Chorcaí de – “Malartú an tSeandúin.” Meallfaidh Malartán an tSeandúin fiontair nua-thionscanta ardteicneolaíochta sna hEarnálacha TFC agus Digiteachta. Cuirfidh Malartán an tSeandúin áiseanna traenála agus cruinnithe a bhfuil géarghá leo ar fáil don phobal áitiúil, agus gníomhóidh sé mar chatalaíoch chun ceantar an tSeandúin a athnuachan agus is tábhachtach an rud é sin. I mí na Samhna 2022, mar fhreagra ar ghlao ó Fhiontraíocht Éireann ar chistí príomha (REISS), bronnadh maoiniú ar Recreate Shandon le haghaidh sainchomhairle chun tabhairt faoi staidéar indéantachta an tionscadail ach inmharthanacht agus cás gnó an tionscadail a bhunú. Críochnófar an tuarascáil in R1 2023 mar aon le hiarratas ar chistí ón gCiste Forbartha Fiontar Réigiúnach ó Fhiontraíocht Éireann.

| 67

Powered by