Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas Éireann chun éiceachóras fiontar nuálach a fhorbairt a oirfidh do riachtanais gheilleagracha sa todhchaí. Tá Comhairle Cathrach Chorcaí ag déanamh a cion chun geilleagar bisiúil a fhorbairt agus a athchothú dóibh siúd a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann staidéar agus a infheistíonn sa chathair, go háirithe le linn na paindéime agus na tréimhse téarnaimh ina dhiaidh. Na Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe

Tá cuspóirí ag na spriocanna forbartha inbhuanaithe go léir a bhaineann le hobair Chomhairle Cathrach Chorcaí ó lá go lá. Is í an Chomhairle, lucht déanta beartas agus catalaíoch an athraithe, is fearr atá in ann na spriocanna domhanda a nascadh leis na pobail áitiúla. Tarraingeoidh an Chomhairle Cathrach aird an phobail áitiúil ar na spriocanna, cothóidh sí agus cuirfidh sí na spriocanna i bhfeidhm go háitiúil, agus déanfar monatóireacht, measúnú agus foghlaim ónár dtaithí ag an am céanna. Cuireann comhoibriú le páirtithe leasmhara, le pobail agus le grúpaí cathrach ar ár gcumas réitigh a roinnt, bacainní a scaoileadh agus straitéisí a chur i bhfeidhm ar leibhéal áitiúil. Reáchtáladh roinnt seisiún feasachta foirne le linn 2021 a léirigh an tslí atá sé seo á dhéanamh.

Sprioc 03 – Dea-shláinte agus Folláine Déantar é seo i gcomhar le FSS chun an clár oibre Sláinte agus Folláine a chur chun cinn go hinmheánach sa Chomhairle Cathrach le gach páirtí leasmhar i gCathair Chorcaí agus le muintir Chorcaí. Chlúdaigh an seisiún iarmhairtí an athraithe aeráide ar shláinte agus ar mheabhairshláinte an duine; tionchar tuilte ar an tsláinte; spás sábháilte, Plean Gnímh na gCathracha Sláintiúla, Comhairle Beartais Bia Chorcaí; Spásanna Glasa don tSláinte; Páircíní; Meabhairshláinte san Ionad Oibre (Psyched); Paraidím Spraíúil; Pacaí Bímis ag Imirt; Cothú Áite; agus Uirbeacht Bheartach. Sprioc 04 – Oideachas ar Ardchaighdeán I gcomhar le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, rinne an seisiún seo iniúchadh ar an tslí atá an Chomhairle Cathrach agus a páirtithe leasmhara ag cur ar chumas gach duine staidéar agus foghlaim a dhéanamh agus a lánchumas a bhaint amach. I measc na dtopaicí bhí Comhdháil Dhomhanda UNESCO ar Chathracha Foghlama; Cathair Foghlama Chorcaí; EcoWell; Sraith Ceannaireachta Tras-Earnála idirghníomhaireachta; Comhoibriú le Forais Oideachais; Leabharlanna; Carnabhal Eolaíochta; Saotharlann Saoil; Líonra Rochtana Chorcaí; agus Foghlaim ar Feadh an tSaoil. Sprioc 07 – Fuinneamh Inacmhainne agus Glan Ba í An Fhoireann Fuinnimh a rinne a cur i láthair seo a chlúdaigh an tslí atá an Chomhairle Cathrach ag sárú spriocanna maidir le tíosacht fuinnimh; áit a bhfuil úsáideoirí suntasacha fuinnimh; an cabhlach leictreach; creidiúnú ISO50001 a fháil; tionscadail an chiste um gníomhú ar son na haeráide; oiliúint feasachta do thiománaithe; straitéis dícharbónúcháin; iniúchtaí fuinnimh; deiseanna PV gréine; an bille um ghníomhú ar son na haeráide, an soláthar glas agus na deontais tá ar fáil. Sprioc 12 – Tomhaltas agus Táirgeadh Freagrach Léirigh an seisiún seo an tslí atá an Chomhairle Cathrach ag iarraidh freastal ar riachtanais na glúine reatha agus na riachtanais sin a chur chun cinn gan cur isteach ar chumas na nglún atá le teacht freastal ar a gcuid riachtanas féin. I measc na dtionscnamh a pléadh bhí: Plaistigh Aon-úsáide; Stáisiúin Uisce Scoile; Féilte agus Imeachtaí a Ghlasú; Laghdú ar dhramhaíl a théann chuig líonadh talún; cur amú bia; dramhaíl teicstílí; seó faisin mhí na hathúsáide; Tionscadal athúsáide péinte; an geilleagar ciorclach; cláir oideachais trí Lifetime Lab; Taisteal Inbhuanaithe; Scéimeanna curtha plandaí a oireann do phailniú.

| 5

Powered by