[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Bhí 350 duine i láthair i bpearsain, méadú de bhreis is céad ar sheimineár gréasáin na bliana seo caite. Ina theannta sin, mheall feachtas dinimiciúil sna meáin a rinne ár rannóg Cumarsáide go leor tráchtanna don ócáid. Is éard a bhí i gceist leis an bpróiseas ar thug Cumarsáid faoi chun glacadh agus seachadadh forleathan an fheachtais a chinntiú ná leathanach Eventbrite a bhunú agus a chinntiú gur scaipeadh an feachtas ar fud Chainéil Dhigiteacha Chomhairle Cathrach Chorcaí. I measc an ábhair a roinneadh bhí: leathanach Eventbrite a fhógairt, faisnéis ón bpreaseisiúint a roinnt (cainteoirí, gné an taighde a fhógairt, agus clár na n-imeachtaí). Soláthraíodh seirbhísí físghrafaíochta chun sraith agallamh gearr a chruthú le príomhchainteoirí agus páirtithe leasmhara na comhdhála (2 fhormáid chun an leas is fearr a bhaint as físeáin Facebook agus Instagram). D’éirigh go han-mhaith leis an bpróiseas seo agus mar thoradh air baineadh 1,288,502 duine san iomlán amach ar raidió, ar líne agus sna meáin chlóite, arbh ionann é sin agus fógraíochta €29,079.39. In éineacht leis seo bhí feachtas ar na meáin shóisialta ar fud Facebook, Twitter agus Instagram. Shroich Facebook 23,744 duine aonair trí mheascán d’fhógraíocht orgánach agus íoctha, shroich Instagram 45,499 duine ar an mbealach céanna. Ba é an rud ba shuntasaí, áfach, ná an glacadh agus an tsuim ar Twitter a shroich 49,032 duine. Trí na trí bhealach seo, baineadh amach comhsroicheadh 118,545 duine ar na meáin shóisialta. Idir raidió, ar líne, na meáin chlóite, agus na meáin shóisialta, bhain Comhdháil Pathways to Participationde chuid Chomhairle Cathrach Chorcaí 1,407,047 duine amach, ar bhreis is dúbailt líon na ndaoine a bhain seimineár gréasáin 2021 amach.
| 72
Powered by FlippingBook