Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

An clár Deich mBliana de Chomóradh Céad Bliain 2022 Ba é aidhm Chomhairle Cathrach Chorcaí go gcabhródh an Cuimhneachán le daoine níos mó a fhoghlaim faoin tsochaí chomhaimseartha, ach thuiscint níos doimhne a thabhairt ar an tslí a múnlaíodh sochaí na hÉireann san am atá caite agus díriú ar ról an phobail i gcathair Chorcaí, chun naisc phobail na cathrach a athdhearbhú, le himeachtaí teaghlaigh-dhírithe a chuimseodh gach earnáil den tsochaí. Ba iad seo a leanas na Prionsabail agus na Luachanna a leag an Chomhairle amach dá chlár comórtha: • Is mian le Comhairle Cathrach Chorcaí mórtas as Corcaigh agus a muintir agus as na róil a bhí acu sna himeachtaí 100 bliain ó shin a léiriú, mórtas as a n-iarrachtaí gaisciúla, agus as a dteacht aniar in atógáil a gcathrach Ómós a thabhairt do mhisneach na 'ngnáthdhaoine', mar a thugtar orthu, a ghlac páirt sa streachailt, agus a mbuanseasmhacht in aghaidh na coimhlinte. • Ómós a thabhairt do na cúiseanna ar ghlac siad páirt sa streachailt agus a leanann siad ar aghaidh ag iarraidh an cineál Éireann a bhí beartaithe ag na hÓglaigh a thabhairt chun críche – comhionannas, cothroime, cearta na mban agus rochtain ar phoist. Machnamh a dhéanamh ar eispéiris na mban le linn na tréimhse sin agus ar a mhéad a chuir siad leis na himeachtaí a tharla, ina measc a ról athraitheach sa tsochaí. • A aithint nach scéal dubh agus bán í an stair, nach mór scéalta a insítear ó gach taobh chun athmhuintearas agus leigheas a éascú, agus gur gá dul i ngleic le tráma na tréimhse, b’fhéidir trí na scoileanna ina chlár oideachais ar iarmhairtí coimhlinte. Seo a leanas samplaí d’imeachtaí a tharla in 2022 faoi chlár Chomhairle Cathrach Chorcaí Deich mBliana de Chomóradh Céad Bliain 2022 le tacaíocht ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, mar chomóradh ar imeachtaí a tharla 100 bliain ó shin: Cosán na Réabhlóide Bhí áthas ar Chomhairle Cathrach Chorcaí oibriú le Gerry White agus John Borgonovo chun forbairt a dhéanamh ar an Chosán na Réabhlóid de chuid Chathair Chorcaí . Leagann an cosán béim ar na príomhréimsí, dátaí agus daoine a bhí páirteach i gCogadh na Saoirse agus i gCogadh na gCarad ina dhiaidh sin ar fud Chathair Chorcaí.

Forbraíodh an cosán ag tús na bliana agus rinneadh léarscáil próitíopa dhigiteach de ar féidir teacht air ó aon ghléas áit ar bith ar domhan. Leagann sé béim ar phríomhimeachtaí dá leithéidí Dó Chorcaí,

Luíochán, suímh eagraíochtaí agus ceannairí tábhachtacha, séadchomharthaí chun chuimhneacháin staire a ghabháil. Tá gach suíomh marcáilte ar an léarscáil le hachoimre ar thábhacht an tsuímh agus ar na daoine/eagraíochtaí atá i gceist. Rinne Comhairle Cathrach Chorcaí an léarscáil a dhearadh, a fhorbairt agus a chothabháil, rud a chuirfidh ar ár gcumas suímh/ceannairí breise a chur leis an tríocha ceann atá ann faoi láthair.

| 74

Powered by