[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Sprioc 13 – Gníomhú ar son na hAeráide Tá gach duine freagrach as Gníomhú ar son na hAeráide, agus leag an seisiún seo béim ar na bearta maolaithe agus oiriúnaithe tríd an bPlean um Ghníomhú ar son na hAeráide chun aghaidh a thabhairt ar thuilte i lár na cathrach; ar an téamh domhanda; ar SDGanna a bheith ag idirghníomhú lena chéile; ar spriocanna aeráide; ar an gcoiste um oiriúnú aeráide; ar ab straitéis bithéagsúlachta; ar ab mbonneagar glas agus gorm; ar cháilíocht an aeir; ar shoilsiú poiblí; agus ar an innéacs inbhuanaitheachta um cheann scríbe. Ár dTimpeallacht Oibre Tá haon ball tofa is tríocha ag Comhairle Cathrach Chorcaí a dhéanann ionadaíocht ar chúig thoghcheantar áitiúla - Cathair Chorcaí Thiar Thuaidh, Cathair Chorcaí Thoir Thuaidh, Cathair Chorcaí Thoir Theas, Cathair Chorcaí Thiar Theas, agus Cathair Chorcaí Láir Theas. Tagann Coistí Ceantair Áitiúil le chéile uair sa mhí agus tionóltar cruinniú na Comhairle Cathrach ina hiomláine an dara Luan i ngach mí. Is baill de Choistí um Beartas Straitéiseach (SPC) iad na comhairleoirí i dteannta ionadaithe earnála. Tagann cathaoirligh na SPCanna le chéile chomh maith gach mí mar Ghrúpa Beartais Chorparáidigh (CPG). Tá an Fhoireann Bainistíochta Sinsearaí freagrach as bainistíocht éifeachtach agus éifeachtúil na Comhairle Cathrach agus as a seirbhísí a sheachadadh taobh istigh de na hacmhainní a bhíonn ar fáil. Fostaíonn an Chomhairle Cathrach breis agus 1,500 ball foirne a bhaineann le cúlraí difriúla gairmiúla ag a bhfuil raon leathan scileanna, cáilíochtaí agus taithí. Téann athruithe dlí, sochaí, polaitíochta, timpeallachta, teicneolaíochta agus geilleagair i bhfeidhm go mór ar an gComhairle. Breithnímid na beartais agus na cuspóirí a leagtar amach san iliomad pleananna agus straitéisí reachtúla a chuirtear i bhfeidhm ar fud na Comhairle Cathrach. Cuirimid raon seirbhísí agus feidhmeanna ilghnéitheacha ar fáil i gcomhar le heagraíochtaí, le gníomhaireachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, agus le grúpaí pobail. Tá freagracht orainn tacú lenár mbaill thofa, le coistí lena mbaineann siad, agus le beartais a chur i bhfeidhm ar fud na seirbhísí go léir. Leagaimid síos príomhtháscairí feidhmíochta áitiúla agus náisiúnta agus déanaimid dá réir agus ár bplean corparáideach á chur i bhfeidhm againn.
AN FEIDHMEANNAS
FORCHOIMEÁDTA
Comhairleoirí a thoghann na daoine Buiséid, pleananna forbartha, beartais, fo-fhlíthe a fhaomhadh ag cruinnithe na Comhairle
An Príomhfheidhmeannach
SEIRBHÍSÍ TACAÍOCHTA
Príomhfheidhmeannach Cúnta
STRAITÉIS Forbairt Straitéiseach agus Gheilleagrach
Comhairle Cathrach Chorcaí
OIBRÍOCHTAÍ
Airgeadas
Gnóthaí Corparáideacha & Caidreamh Idirnáisiúnta
Oibríochtaí (Bóithre agus Timpeallacht)
An Grúpa um Beartas Corparáideach
Ailtire na Cathrach
Coiste Forbartha an Phobail Aitiúil (LCDC)
Daoine & Forbairt Eagraíochtúil
Coistí Beartais Straitéisigh
Coistí Ceantair Áitiúil
Tithíocht
Forbairt Bonneagair
Seirbhísí TFC
Is féidir leo Baill a ainmniú ar
STRUCHTÚR NA COMHAIRLE
Pobal, Cultúr & Cothú Áite
Líonraí Rannpháirtíochta Poiblí
Comhpháirtithe Sóisialta
Gnóthaí Dlíthiúla
| 6
Powered by FlippingBook