[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Reáchtáladh oíche an-speisialta i Seomra Chomhairle Cathrach Chorcaí chun comóradh 100 bliain a dhéanamh ar theacht an Gharda Sibhialta go Cathair Chorcaí an 9 Samhain. D’fhreastail an Coimisinéir Cúnta Eileen Foster, an tArd-Cheannfort Tom Myers, an Ceannfort John Deasy, agus an Cigire James Hallahan ar ócáid na hoíche. Rinne Gardaí Garda Onóra taobh amuigh de Halla na Cathrach, Corcaigh agus sheinn Cór an Gharda Síochána d’aíonna roimh imeachtaí na hoíche. Thug an Staraí Cónaithe i Leabharlanna Chathair Chorcaí, an Dr Alan Noonan, óráid ar theacht an Gharda Shibhialta go Corcaigh. Thug an tArd-Cheannfort Tom Myers óráid iontach agus ghlac le sé pláta comórtha ó Ard-Mhéara Chorcaí. Ag an Fáiltiú Cathartha, cuireadh taispeántas isteach i Halla na Cathrach, Corcaigh ina raibh míreanna ó Músaem Poiblí Chorcaí - Cogadh na gCarad agus bunú an tSaorstáit Bhíothas leis Taispeántas Chogadh na gCarad a sholadh an 25 Lúnasa. Tar éis eolas a fháil faoi chuairt mhuintir Mhichíl Uí Choileáin ar ócáidí ceiliúrtha eile an Choileánaigh i gCorcaigh, socraíodh an taispeántas a thabhairt chun cinn chun deis a thabhairt don teaghlach freastal ar an ócáid i Músaem Poiblí Chorcaí. Socraíodh go seolfaí an taispeántas Dé Sathairn, an 20 Lúnasa. Sheol Ar Ardmhéara Chorcaí, an Clr Deirdre Nic Giollarnath “By a Treaty Divided – The Civil War in Cork” sa Mhúsaem maidin Sathairn. Ina dhiaidh sin bhí searmanas cathartha ar siúl ar ar fhreastail baill de theaghlach Uí Choileáin, Comhairleoirí Cathrach agus baill an Oireachtais. D’fhreastail breis is 150 duine ar an iomlán ar an seoladh agus ar an searmanas, bhailiúchán príobháideach Tom O'Neill ar taispeáint Idir éide Gharda, grianghraif agus earraí cuimhneacháin.
ina measc Fidelma Collins, garneacht, Eleanor Moore, gar-gharneacht agus Rachel O’Sullivan, arbh é Mícheál Ó Coileáin a sin-sin-seanuncail, an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, an Comhairleoir Contae, Michael Looney, a bhí ann thar ceann Mhéara Chontae Chorcaí, Comhairleoirí Cathrach Chorcaí mar chomh maith le go leor ball eile de theaghlach Uí Choileáin. Dhírigh an taispeántas ar an tréimhse ó Iúil 1921, nuair a fógraíodh an Sos cogaidh, go deireadh Chogadh na gCarad i mBealtaine 1922. D’fhéach sé ar imeachtaí a tharla i gCorcaigh le linn na tréimhse sin agus leag sé béim ar na deighiltí a tharla de bharr an Chonartha. Áiríodh sa taispeántas earraí fisiciúla agus doiciméid, chomh maith le grianghraif agus íomhánna faoi úinéireacht phríobháideach nach raibh ar taispeáint go poiblí roimhe sin. I measc na nithe suntasacha bhí seaicéad agus bástchóta na culaithe a chaith Seán Hales TD an lá ar maraíodh le piléar é i mí na Nollag 1922 agus Bailiúchán Conlon a thugann cuntas ar stair Chumann na mBán le linn na tréimhse sin.
| 78
Powered by FlippingBook