Tuarascáil Bhliantúil 2022

[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas

Sláinte & Sábháilteacht Coinníodh fócas leanúnach ar na hearnálacha ardriosca dá leithéidí tionscadail Tithíochta & Bonneagair. Críochnaíodh iniúchtaí rialta S&S ar fud na Stiúrthóireachtaí go léir. Le linn na bliana, coinníodh ról gníomhach sa fhreagairt ar phaindéim COVID-19 agus maidir le nuashonrú rialta ar an bPrótacal um Obair Shábháilte de réir mar a tháinig comhairle sláinte poiblí chun cinn. Ghlac an rannóg Sláinte agus Sábháilteachta páirt freisin i Meithleacha Náisiúnta agus in áisitheoireacht a dhéanamh do mheasúnuithe cianoibre in 2022 inar tugadh isteach Obair Chumaiscthe. Rinneadh athbhreithniú agus nuashonrú ar roinnt Beartas agus Nósanna Imeachta S&S i gcomhar leis an bhFóram S&S agus an SMT. Tharla Comhairliúchán & Cumarsáid i bhfoirm cruinnithe Ionadaithe Sábháilteachta, cruinnithe an Fhóraim Sláinte agus Sábháilteachta agus cruinnithe sábháilteachta na Stiúrthóireachtaí. Scaipeadh foláirimh shábháilteachta agus feasacháin sábháilteachta ar lucht bainistíochta líne le plé le fostaithe. Nuashonraíodh Ráitis Sábháilteachta na Comhairle agus na Stiúrthóireachta chun an reachtaíocht reatha agus an stádas nuashonraithe i bpríomhréimsí oibre a léiriú.

Bhí an Rannóg Sábháilteachta ar thús cadhnaíochta maidir le:

• Seachtain Sábháilteachta na hEorpa • Lá Cuimhneacháin na nOibrithe • An clár Sun Smart • Lá Folláine

| 81

Powered by