[ Corcaigh á Stiúradh go mBainfidh sí Stádas
Seirbh í s í TFC Teicneolaíocht Faisnéise Cumarsáide
Lean an Roinn TFC de chlár claochlaithe digiteachta a chur i bhfeidhm, mhéadaigh sí lorg criticiúil an chórais, ghlac sí cloud-first ar bord, d’fheabhsaigh sí an bonneagar reatha agus thacaigh sí léi agus threisigh sí an chibear-athléimneacht in 2022. Rinne TFC nuálaíocht, seachadadh agus tacaíocht a chur ar fáil i leith na nithe seo thíos agus ag an am céanna cloí le sonraíochtaí dinimiciúil rialála, iniúchta agus comhlíonta, go hinmheánach agus go seachtrach. Clár Oibre TFC Tá roinnt foirne sa Roinn TFC agus chuir gach ceann acu leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh in 2022 ar fud na réimsí gnó go léir.
Foireann Oibríochtaí Tosaíocht shuntasach i gcónaí do fhoireann Oibríochtaí ba ea an chianobair:
• Cuireadh ríomhaire glúine corparáideach agus rochtain VPN ar fáil: Cuirtear ríomhaire glúine atá ceangailte le fearann de chuid na Comhairle Cathrach ar fáil don úsáideoir agus úsáidtear feidhmchlár VPN chun cianrochtain dhíreach a sholáthar ar líonra na Comhairle Cathrach. • Deasc Fhíorúil (VDI): Tá tollán slán VPN suíomh-go-suíomh ag an timpeallacht fhíorúil le líonra Chomhairle Cathrach Chorcaí chun rochtain ar acmhainní inmheánacha a sholáthar. Is féidir le húsáideoirí rochtain a fháil ar an deasc fhíorúil seo ó ghléas pearsanta sa bhaile. • Cuireadh clár i bhfeidhm chun ríomhaire glúine a sholáthar do um 90% den fhoireann oifigbhunaithe in ionad PC mar thoradh díreach ar an bhfreagairt ar Covid-19 in 2020 agus 2021. Ciallaíonn sé seo go laghdaítear an t-éileamh ar VDI mar is féidir leis an bhfoireann logáil isteach go cianda ar líonra CCC trí VPN ar a ríomhairí glúine. D'éirigh go han-mhaith le cur i bhfeidhm VDI mar réiteach eatramhach agus an eagraíocht ag athrú go ríomhaireacht shoghluaiste. Uasghrádú Cumarsáide: Uasghrádaíodh ár suíomh i mBaile an Chollaigh le nasc snáithín amháin ard- bandaleithid in ionad dhá nasc copair DSL. Níl nuashonrú ar bith ar chur i bhfeidhm SIRO go dtí seo. Uasghrádú Balla Dóiteáin: Críochnaíodh athnuachan ar ár gcroíbhallaí dóiteáin a chinntigh cosaint leanúnach ó chibear-ionsaithe ar imlíne ár líonra. Uasghrádú Teileafónaíochta: Stáisiún dóiteáin PABX a athsholáthar agus comhtháthú le réiteach teileafónaíochta corparáidí le haghaidh bainistiú sruthlínithe glaonna lasmuigh d’uaireanta oibre. Uasghrádú Core : Tacaíodh le huasghrádú Core go v28, bunaíodh tolláin VPN nua chuig timpeallacht a óstálann Core agus imscaradh cliant Java uasghrádaithe chuig gléasanna úsáideoirí deiridh.
Seirbhísí Gréasáin agus Ar Líne Leanadh den fhás ar sheirbhísí ar líne agus ar fhorbairt an tsuímh idirlín i rith 2022.
Seirbhísí ar líne •
Seirbhísí ar líne: Faoi dheireadh 2022 bhí 165 foirm ar líne ar fáil tríd an suíomh idirlín, rud a phróiseáil níos mó ná 20,000 aighneacht, agus a thug isteach um €250,000 d'íocaíochtaí.
| 83
Powered by FlippingBook